Today we will have transcriptions from two stories: Ciste a fuair Liam de Barra and An ciste a bhí i Luimneach. Because these two stories are so short, I’m going to combine them into one post. These are the last two stories that are on this track recorded by Liam Mac Con Iomaire, ar dheis Dé go raibh a anam, during the 1980s. More stories are to come, but they’re from a different recording. Once again, both of these stories come from Annála Beaga ó Iorrus Aithneach, compiled in the 1940s by Seán Mac Giollarnáth. They are wonderful samples of rich Connemara Irish.
Both of these stories appear to have been collected from Micheál Mhac Dhonnchada, ar dheis Dé go raibh a anam-sean, about whom more information can be found in a Béaloideas article written by Mac Giollarnáth. As with the three other stories contained on this recording (Ór an tSagart sa Loch, An tSeanbhean i mBaile Átha’n Rí and An sean-fhear a raibh an Piliúr aige), the recordings along with the transcriptions make excellent native material that can be used instead of Vifax to train your hearing. In fact, I would argue it is better than Vifax precisely because it’s native Irish, whereas a lot of the people that are interviewed by Nuacht TG4 are not native speakers and have a variety of levels (though the hosts themselves are native speakers). You can, however, still follow the methods for using Vifax I have discussed. Dialectal notes will follow the two stories, which come in order.
Bhí Liam de Barra ina chómhnaidhe i gCill Chiaráin. Bhí dreatháir dhó pósta le Tomás an Gabha san áit a bhfuil an coinbhint anois, nó bhí dreithiúr le Tomás an Gabha pósta leis-sean, níl fhios agam cé acab é, ach badh chleamhnacha iad. Bhí aithne ag m’athair ar Liam agus aithne ag ‘chaon duine acab ar a chéile. Bhí m’athair ag tigheacht anoir an bóthar lá agus chonnaic sé Liam de Barra uaidh isteach ar thalamh Thomáis. Bhí láidhe aige agus é ag cartadh. Chuaidh m’athair isteach chuige go gcuireadh sé fáilt eroimhe agus d’fhaigruigh sé dhe céard a bhí sé a dhéanamh. Dubhart Liam go raibh sé a’ gul ag déanamh tighe, gur thug Tomás áit tighe dhó. Bhí fhios ag m’athair go raibh áit mhaith ag Liam thoir. ‘Sé an nós ar chuir Liam an sgéal ar neamh-chrích dhó nuair a d’innis sé gur ag déanamh tighe a bhí sé. Ní raibh m’athair ag cur leanamhaintis ní badh mhó air. Níor lean Liam do’n obair.
Bhí m’athair ag teach i letih go Cárna lá eile ina dhiaidh sin agus bhreathnuigh sé sa bpoll a rinne Liam. Bhí trí clocha ann agus a gcinn ag tigheacht ina chéile i n-uachtar agus bhí áit an phota bainte amach fúthab. Dubhradh gur ciste a fuair Liam de Barra faoi na clocha. Bhí neart airgid ag Liam. Ní raibh sé chómh fada síos leis an bpota nuair a bhí m’athair ag cainnt leis. B’fhéidir, dá mbeadh, go dtiubhradh sé cuid de’n airgead dó.
Fear a bhí i Luimneach bhí neach ag tigheacht chuige agus dhá spreacadh agus ag rádh leis dá dtéigeadh sé chómh fada le droichead a bhí i n-aice le Boston i Meireacá go bhfuighfeadh sé a shaidhbhreas go bráthac ann i mullach an droichid. Tháinig an neach go dtí é trí huaire.
Ghabh an fear agus chuaidh sé anonn go Meireacá agus bhí sé sgathamh mór ina sheasamh ar an droichead. Tháinig fear suas leis agus d’fhafruigh sé dhe céard a bhí dhá dhéanamh annsin aige. “Tá mé gat’ fheiceáil annsin ó mhaidin,” adeir sé, “shílfeá nach bhfuil blas eile le déanamh agad,” adeir sé.
“Maise,” adeir fear Luimnigh, “ó tharla gur chuir tú de cheis orm é innseochaidh mé duit é. Níl mé ag fagháil suaimhnis le fada agus neach atá ag teacht go dtí mé ag rádh liom go bhfuighfinn mo shaidhbhreasdá dtiginn chomh fada leis an droichead seo,” agus níor innis sé dhó beirthe ná beo cérb as é.
“Ó, pébí cé thú féin bíodh ciall agad,” adeir fear Mheireacá leis, “nach bhfuil fear acab sin ag tigheacht chugam-sa le seacht mbliain ag rádh liom dá dtéighin chómh fada le Luimneach, áit eicínt i nÉirinn, go bhfuighfinn trí phota óir ann. Tá páirc i n-aice le Luimneach agus teachín beag istigh i lár na páirce agus a leithid seo d’fhear ina chomhnaidhe ann” – agus thug sé ainm agus sloinne an fhír dhó, ainm agus sloinne fhear Luimnigh féin — “agus tá crann mór ag fás ag an bhfear seo i n-aice an tighe, agus dubhairt sé liom dá dtíghinn go Luimeach go bhfuighfinn trí phota óir faoi’n gcrann, agus sin áit nach ngabhfaidh mise go bráthach,” adeir sé.
Níor leig fear Luimnigh tada air féin nuair a fuair sé an tuairisg chruinn ó fhear Mheireacá gur sheol sé anall arís, gur fhill sé, agus fuair sé trí phota óir faoi’n gcrann ina pháirc féin i Luimneach. Is sean-áit Luimneach agus bhíodh na cistí curtha ann.
Not many things to note here. A couple big ones: tíur- instead of tabhair- for the future/conditional stem, which is common in Connemara. Also the gat’ fheiceál — do do fheiceáil in the standard nowadays. Otherwise, it’s mostly prepositional pronoun forms that are common to Connemara and can be found elsewhere on this blog.
0 Comments