Today, I’m continuing with transcriptions of stories from Annála Beaga Ó Iorrus Aithneach, collected by the late Seán Mac Giollarnáth. This is because, as I have said before, the stories were recorded by Liam Mac Con Iomaire, ar dheis Dé go raibh a anam, for Raidió na Gaeltachta in the 1980s. This makes them an invaluable source for applying the Vifax method I’ve previously written about; a better source than Vifax itself, as Liam is a highly competent native speaker. Today I’m doing two stories because they’re extremely short. The stories are An Chroich i Luimneach and Ó, mo Bhád. The first was collected from Sheosamh Mac Donnchadha and the second from Mhicheál Mac Donnchadha of previous recordings. The recordings are the third and fourth stories on included on this track, available from the Digital Repository of Ireland. The first story is Ceoinín an Píolóitidhe, and a transcription can be found on the blog.

 


 

Bhíodh na bádóirí ag tráchtáil go Luimneach, ag tabhairt luchtaí ann, agus ag tabhair luchtaí as. Bhíodh coirce is ceilp dá gcur go Luimeach as Conamara. Bhí fuireacht chaltha ar dhream bádóirí i Luimneach. An lá seo nuair a bhíodar ann bhí fear le crochadh ann. ‘Sé an áit a gcrochtaoi daoine fadó i lár an bhaile mhóir agus bhíodh an domhan daoine cruinnighthe ag breathnú ar an gcrochadh. ‘Sé an cineál corchadóra a bhí ann an lá seo bhí plat mór geal air gan aon ribe gruaige air. Dubhairt fearde na bádóirí go mbadh deas an áit é le buille de chloich a bhualadh. Chrom fear eile acab gur thóig sé cloichín gur chaith sé leis an gcrochadóir í, gur bhuail sé ar an bplat é. Sgeith an fhuil anuas as an bplat ach níor marbhuigheadh an crochadóir. Bhí ruaille buaille ann annsin ag an sirriam, ag an arm capall, ag saighdiúirí agus ag póilí ag tóraidheacht an fhir a chaith an mhéaróg, ach ní bhfuaradar é. Bhí neart gáire ag fir Chonamara nuair a bhí an cath thart.

 


Bád iasgaigh as Cladach na Gaillimhe nach raibh thar sé thonna bhí sí ag iasgach i gCaoláire na Gaillimhe. Tháinig gála uirthe agus d’imthigh sí roimh an ngála. Bhí sí ag imtheacht ar feadh ceathair nó cúig de laetheanta. Nuair nach raibh fios acab cé raibh siad chuir an fhuireann clocha i gcliabh agus sgaoil siad amach i dtosach an bháid é agus téad greamuighthe san dá eiris le meadhachain a choinneál ar ghob an bháid mar bhí na fágaí ag tigheacht uirthe agus shíleadar gob an bháid a choinneál sa ngaoith.

Soitheach mór a bhí a’ gul go Meireacá chonnaic sí an bád iasgaigh agus chuir sí bád fada amach chucab agus thóig sí an fhuireann. D’fhágadar an bád seoil annsin sa bhfairrge agus a gob sa ngaoith. Nuair a bhíodar ar bord agus an long mhór ag imtheacht chuaidh an bád iasgaigh go tóin puill. An fear ar leis í nuair a chonnaich sé í dá suinceáil, “Ó, mo bhád!” adeir sé agus cailleadh ar an bpoinnte é.

Caitheadh amach é féin annsin agus bhí sé féin a’ gul síos leis an mbád.

D’imthigh an fhuireann go Meireacá sa luing. D’fhan cuid acab thair agus tháinig fear abhaile, Mac Gabhann a bhí air. Chuala mé é ag innseacht an sgéil.


In terms of dialectal features in these transcriptions there’s not a lot, which is to be expected given how short they are. We can notice certain prepositional forms, such as acab. Likewise, we see the use of the synthetic third person past in the ní bhfuaradar (note the broad <r>) spelling. There’s the use of instead of á when there’s an pronomial object on the verbal noun, which can often be heard along with and dhá in the dialect in these instances. a’ gul represents the normal pronunciation of dul in the dialect, and the a’ shows the dropping of the /g/ before consonants that occurs in all dialects. Lastly note Meireacá, with the slender /c/. This is still often said as this. go mba(dh) is often used instead of gur(bh) in the dialect as well (and is accepted in the most recent Caighdeán Oifigiúil)


0 Comments

Leave a Reply

Avatar placeholder

Your email address will not be published. Required fields are marked *