The transcription here comes from Sean Mac Giollarnáth’s Annála Beaga ó Iorrus Aithneach. In the 1980s, Liam Mac Con Iomaire, ar dheis Dé go raibh a anam, recorded himself reading stories from Annála Beaga. This story was one of those he recorded. It  can be found in the recording from Digital Repository of Ireland here, along with several other stories including Ór an tSagart, which I’ve recently transcribed as well. This recording is extremely valuable for the quality of Irish in it, and can be used for authentic, native Irish, with transcription practice via my Vifax Method for training listening. Please enjoy the story and the transcription. Dialectal notes follow.


Bhí sean-bhean i mBaile Átha’n Rí. Bhí mac aice agus é posta istigh sa teach. Bhí cailín aimsire acab. Nuair a thiocfadh an cailín chuig Agreann na maidne tiocfahd siad-san chuig Aifreann an dó dhéag. Nuiar a thiocfadh siad-san chuig Aifreann na maidne tiocfadh an cailín chuig Aifreann an dó dhéag. Nuair a bhí siad imthighthe amach [Domhnach] d’fhiafruig an tsean-bhean de’n chailín an raibh an mach abhfad imthighthe. Dubhairt an cailín: “Níl siad ag an teach pobail fós.”

 

“Tiubhraidh tú dhom-sa sáspan, a stór, mar sin,” adeir an tsean-bhean.

“Tiubhrad,” adeir an cailín.

“Agus tiubhraidh tú dhom páipéar agus snátha.”

Nuair a thug sí chuice annsin iad is gearr gur fhlaoidh an tsean-bhean uirthe arís.

“Anois,” adeir an tsean-bhean, “leagfaidh tú é seo ar an teine ” [agus thug sí di an sáspan]

“Leagfad,” adeir an cailín.

Bhí an páipéar anuas ar an sáspan agus an sátha ceangailte ar an bpáipéar de bhéal an tsáspain.

D’airigh an cailín an sáspan trom agus bhí fhios aice gur airgead a bhí ann. Sgar sí bráillín agus bhain sí an páipéar de’n sáspan agus dhórt sí anuas an sáspan ar an mbráillín, agus séard a bhí aice dhá chéad giní.

Chuaidh sí annsin agus líon sí an sáspan le sean-im bhuidhe agus cheangail sé an páipéar arís air agus leag sí ar an teine é. Is gearr gur labhair an tsean-bhean.

“Measann tú an bhfuil sé sin ag fiuchadh fós?” adeir sí.

“Tá fhios agam nach bhfuil,” adeir an cailín.

“Nuair a bhéas sé ag fiuchadh innseochaidh tú dhom é,” adeir an tsean-bhean.

“Innseochad,” adeir an cailín.

Nuair a thosaigh sé ag fiuchadh annsin ghabh an cailín chómh fada léithe.

“Tá sé ag fiuchadh anois,” adeir sí.

“Tabhar chugam anois é,” adeir an tsean-bhean.

Thug.

“Bain de an páipéar anois,” adeir an tsean-bhean.

Bhain. Rug an tsean-bhean ina láimh ar an sáspan agus bhauil sí isteach ar an mballa é. Tháinig sé chuice buidhe. D’ionntuigh an t-im buidhe nuair a thosuigh sé ag reodh.

“Ó, nach é atá buidhe!” adeir an cailín

“Cead a bheith aige,” adeir an tsean-bhean.

Chuir an cailín annsin an t-airgead i dtaisge, i bhfolach.

Nuair a tháinig an mach ó’n Aigreann dubhar a mháthairl eis a ghuil ag iarraidh an tsagairt, go raibh sí féin go dona. Tháinig an sagart. Thug sé faoisdin di agus chuirsé an ola uirthe, agus bhí sí caillte lá ar n-a bhárach. Chuir an mach í chómh fiúntach le bean ar bith.

Nuair a bhí sí caillte tamall thosuigh an mac ag gearán ag ceapadh go raibh airgead ag a mháthair.

“Má bhí,” adeir an cailín, “cé dhó a bhfuil tú dhá innseacht? An fhad is a bhí sé beo cé’n fháth nár fhiafruigh tú dhi an raibh sé aice?”

D’fhan an cailín bliain sa teach faitchíos go mbeadh aimhreas uirthe. Nuair a d’imthigh sí thug sí an t-airgead léithe.

Bhuail aithmhéal an tsean-bhean nuair a dubhairt an cailín go raibh an rud buidhe ar an balla. Le aithmhéal a cailleadh í. Bhris a croidhe nuair a bhí an t-airgead imthighthe. B’fhearr di féin an cailín ná an chailleach a shíl an t-airgead a leághadh. Tá cuid de na seandaoine nach maith leob tada a fhágáil faoi.


Not too many dialectal features in this shorter story, but one thing that pops up throughout is the consistent use of echo forms. These are the first-person future synthetic forms that the cailín aimsire uses to answer the sean-bhean. Things such as “tiúrfad“, etc. They’re still commonly heard in Munster. Otherwise, dialectal prepositional pronouns — léithe, acub — and the use of the tiúr- stem for the future tense of tabhair are the main things to hear here.


0 Comments

Leave a Reply

Avatar placeholder

Your email address will not be published. Required fields are marked *