The transcription here is of Ór an tSagart sa Loch. This story is found in Mac Giollarnáth’s wonderful Annála Beaga ó Iorrus Aithneach book. The story was collected by Mac Giollarnáth from Micheál Mhac Dhonnchada, who was from Ruisín na Maithnidheach, in Carna. More about ‘Sgéalaidhe Mór Ruisín na Maithnidheach’ can be found in the JSTOR article of the same title about him, written by Mac Giollarnáth.

 

The reason I chose this particular story, and the next few to come, is because I have just learned that the late Liam Mac Con Iomaire, ar dheis Dé go raibh a anam, has recorded himself reading these stories. Some of the stories I’ve already transcribed, and will be editing the old posts to include the recordings. Some have yet to be transcribed, and that’s what I’ll be doing in the next few posts. This story can be found in the recording from Digital Repository of Ireland here. This recording is extremely valuable for the quality of Irish in it, and can be used for authentic, native Irish, with transcription practice via my Vifax Method for training listening. Please enjoy the story and the transcription. Dialectal notes follow.

 


Dreithiúir is dreatháir a bhí ann i n-aon teach. Nuair a cailleadh an t-athar is an mháthair roinn an dreatháir léithe. Phós an dreithiúir agus d’imthigh sí uaidh. Thosuigh an dreatháir annsin ag ól is ag réabadh nó gur ól sé a raibh aige. An méid tíoghbhais a bhí aige d’ól sé é ach an teach is an talamh. D’imthigh sé annsin chómh fada leis an dreithiúir agus gan mórán fáilte aice roimhe. Bhí fhios aice an méid a bhí déanta aige. Bhí a fear an-chineálta leis. Ní raibh locht ar bith aige ar é a theacht chuige folamh. Bhí loch i n-aice le teach an chliamhain agus bhí cíléar óir amuich i lár an locha agus é le feiceál ag fearaibh Fáil agus ag beanaibh (mnáibh) Fáil, an cíléar agus an t-ór. Dá mbeadh tnúth ag duine ar bith leis agus go dtosuigheadh sé ar ghul amach sa loch, d’éireochadh an easconn sa loch agus chuirfeadh sí goire guairdil san usige agus chuirfeadh sí an loch trí n-a chéile le faitchíos go mbéarfadh duine ar bith ar an gcíléar nó go dtiubhraidhe uaithe é.

 

Bhí an dreatháir annsin lá agus gan an cliamhain istigh chor ar bith. Bhí an dreithiúr ag cainnt leis.

 

“Is olc an chaoi a chuir tú ort féin,” adeir sí, “do chuid a chaitheamh go fánach. Tá tú anois mar atá tú. Is iomdha fear marthú a ghabhfadh chómh fada leis an gcíléar atá amuic sa loch,” adeir sí, “agus a thríálfadh leis é a thabhairt leis.”

 

“Ara, nach n-íosfadh an easconn mé,” adeir sé.

 

“Creidim gur cuma céard a d’éireochadh leat,” adeir sí – agus sin é a chuir an fhearg uiliug air.

 

Ghabh sé chuig an loch. Nuair a tháinig sé ar bhruach an locha níor chorruigh an easconn. Ghabh sé amach chómh fada leis an gcíléar agus níor chorruigh an easconn ariamh go raibh an cíléar istigh ar an talamh aige. Sin é an uair a sgannruigh sé leis an torann a rinne an easconn agus d’fhógair sé dá mbadh duine ar bith de bhaiste na hEaglaise é a thigheacht sa gcómhtharaidheacht a raibh sé nuair a d’fhága sé an saoghal.

 

Bhí an sagairt ina sheasamh suas le n- a ghualainn ar an boinnte boise.

 

“Is aith an fear thú,” ars’ an sagart. “Tá do dhíol anois agad,” adeir sé. “Bhí mise an fhad a bhí mé ar an saoghal ag déanamh an airgid sin agus dhá chur sa gcíléar agus chuir mé amach sa loch é faitchíos go mbeadh sé ag duine ar bith. Bhí mo chroidhe is m’anam ann,” adeir sé, “agus gan cuimhne ar bith ar m’anam agam. Nuair a cailleadh ansin mé, ‘sé an nós ar cuireadh mé féin i m’eascoinn dhá fhaire agus ní raibh i ndán corrú dhom choidhchin go bhfághainn fear misneamhail mar thusa a chuirfeadh ceist orm. Tá do dhíol agad anois agus beidh do dhíol agad chúns bheas tú beon. Cuirfidh tú Aifreann le m’anam,” adeir sé, “go dtéighidh mé chun na bhflaitheas agus ní dhéanfaidh tú aon dramhláis fhad is a bhéas tú beo.”

 

D’imthigh an sagar annsin uaidh. Leag sé an cíléar do leath-taobh. Lá ar n-a bhárach ghabh sé féin agus an cliamhain ag spaisteoireacht.

 

“An bhfuil aon phíosa talmhan le díol thar annseo?” adeir sé leis an gcliamhain.

 

“M’anam, maise, tá agus píosa maith,” adeir an cliamhain.

 

“Badh chear dúinn ghul chómh fada leis,” adeir sé.

 

“Ní ghabhfamuid indiu ann go dtí i mbárach,” adeir an cliamhain. Shíl sé gur saobhachán céille a bhí air.

 

Nuair a ghabh siad a chodladh san oidhche thosuigh an cliamhain ag innseacht dá bheadn aoi’n gcainnt a bhí ag an dreatháir, go raibh sé ag fiagruighe dhe an raibh aon phíosa talmhan le díol thar san áit.

 

“Imthighthe as a chloigeann atá sé,  adeir an bhean, “agus cé iongantas do, fear ar bith a bhfuil a chuid caithte aige, agus cuid mhór caithte go fánach, ach téirigh thusa i n-éinfheacht leis go bhfeicidh tú leat”

 

Ghabh sé i n-éinfheacht leis go ndeachaidh siad chomh fada leis an bhfear a bhí ag díol na talmhan. Nuair a bhí an talamh siubhalta aige dubhairt sé go dtubhradh sé céad punt ar an bpíosa talmhan, agus ghlac an fear eile leis. Chómhair sé amach céad punt chuige.

 

Nuair a tháinig siad abhaile: “Ar cheannauigh sibh an talamh?” adeir an dreithiúir.

 

“Cheannuigh,” adeir siad.

 

“Shíl mé go raibh talamh agad-sa cheana,” adeir sí leis an dreatháir.

 

“Ní le m’aghaidh féin a cheannuigh mé é,” adeir sé, “ach le haghaidh an fhír ghnaoidheamhail seo atá agad-sa nach raibh aon locht aige ar mo bhochtaineas ach oiread is dá mbéinn saidhbhir. Tá talamh agam ach go gcuiridh mé caoi air.”

 

Chuaidh sé abhaile. Chuir sé caoi ar an talamh, cheannuigh sé stoc, bhain sé an talamh, phós sé bean agus ní dhearna sé aon bhlas dramhlásach arís go bhfuair sé bás.

 


Notice there’s not as much dialectal information here as there is in the Éamonn a’ Búrc stuff (see one of my posts on his work, like Sagart Pobail a Chuir Bréag ar Shagart Óg), but there are still some interesting features that can be gleaned.

 

The first is the irregular dative plural: beanaibh. In the other dialects that still use the dative plural, this would be mnáibh. Another Connemaera feature is the irregular past tense of fág: d’fhága. This is still to be heard. A final feature is the fágheann, , which is how faigheann is said in the dialect. Sometimes in modern informal writing you’ll see this mixed up with fán as in signs that read “Fág an áit mar a fhán tú é”.


0 Comments

Leave a Reply

Avatar placeholder

Your email address will not be published. Required fields are marked *