Today’s list of “seanráite” comes from an article in Béaloideas titled Seanráite na Ceathrú Rua (NÍ Dhomhnaill, 1980/1981) (note the use of the standard na Ceathrú Rua here…as far as I’m aware, in Carraroe you’ll hear na Ceathrún Ruaidh as the genitive, and you’ll even see it written). The nice thing about this list of seanráite is that they came with descriptions of the meaning/use if it wasn’t clear. I won’t quote all of them, but a few of the more interesting ones. SC stands for Seanfhocla Chonnacht.
- Ó bhí Aileas ina cailín beag – Le hachar fada (Aileas = Alice ach níl a fhios cérbh í)
- Braith ann is braith as – Idir dhá chomhairle.
- Inis don chapall é agus bhuailfeadh sí bleaist ort – Scéal dochreite, scéal gan chuma, bréag b’fhéidir. Féach SC 699a.
- Tá cead ag an gcat breathnú ar an rí, agus tá cead ag an rí é a chaitheamh. – Tá cearta ag an dá thaobh. Féach SC 3113
- Níl a fhios agam féin é, ní as Conamara mé – Freagra aibidh a thugas duine ar an té a deir nach bhfuil a fhios aige. Leathfhocal le teann neamhshuime é, agus níl mórán brí leis thairis sin.
- Chomh dona le dath donn – Chomh dona is a bhí tú riamh
- Ná feic mé agus ní fheicfidh mé thusa – Ná bac liomsa agus ní bhacfaidh mise leat.
- Gan carrach na Féil’ tSin Seáin – Garraithe ag breathnú bocht ag fanacht le baisteach sa séasúr sin. Féach SFC 2255
- Fiacail an cheoil – Fiacail nach ndéantar feadaíl dá huairsea. Cloistear ‘chaill sé fiacail an cheoil.’
- Tá lá go Gaillimh/hÁrann fós ann – .i. Go bhfuil lá fada fós ann
- Chloisfeá i nGelann Aidhneach ag gáirí é – I bhfad ó bhaile. Ó thuaidh den tSraith Salach atá Gleann Aidhneac.
- Lá an bhraillín – Lá an bháis
- Lá an tsratha – Lá deireadh an domhain
- La ar iasact – lá peata .i. breá idir dhá lá báistí
- Lá spiorad na gcat – Lá nach dtiocfaidh go deo. An chaill chéanna atá lé ‘lá speirthe na gcat’, Béaloideas 20 (195) 108-19, uimhir 65, focal a chuala mé mar ‘an lá deireanach’ i dTír an Fhia.
- Meisce fíona, meisce is measa.
- Aois Nápla – Aois an-mhór, agus ní móran a fuair í. Cloistear “dá bhfaighfeá aois Nápla, ní fheiceá é’ agus ráte dá shamhail.
- Go bhfaighidh Pól a fhiacail – Go deo. Cloistear ‘ní bhfaighidh sé é go bhfaighidh ∏ol a fhiacail.’ Chuala mé ‘súil’ ar áit ‘facail’ le tagar do Naomh Pól, b’fhéidir, ach níl eiseamláir as cló agam de.
- Ná bí leis agus ná bí ina aghaidh, tabhair dó a chuid agus fan uaidh. [ag caint ar sagart]
- Ní lá ar bith an Satharn – É direanach ag ceann na seachtaine le tosú ar aon obair air. I mBéarla na hÉireann deirtear ‘Saturday is no day’. Féach an chéad uimhir eile.
- Obar mhall an tSathairn. – Is fíordheireanach aon obair atá fágtha go dtí an Satharn. ‘Cá raibh an chuid eile den tseachtain’ a deirtear. Féach SC 2944
- Chomh fada siar agus tá siar ann.
- Toraí an mheán oíche – Sin duine atá amuigh mall san oíche … Cloistear ‘ta toraí an mhéan oíche ag teacht’. Féach SC 4838
Bibliography
Ní Dhomhnaill, C., “Seanráite na Ceathrú Rua”, Béaloideas, vol 48/49, 1980/1981, 74-85
0 Comments