Continuing on with the transcriptions of stories from Annála Beaga ó Iorrus Aithneach, collected by Seán Mac Giollarnáth. I am doing this because these stories have been recorded by the late Liam Mac Con Iomaire, ar dheis Dé go raibh a anam, for Raidió na Gaeltachta in the 1980s. While Mac Con Iomaire was not from Iorras Aithneach himself, instead coming from Casla in Cois Fharraige, he was a wonderfully strong native speaker and these present a valuable resource for training your ear with my vifax method — even better, actually, as the speaker is a high quality native versus some of the people who are interviewed on Nuacht TG4. The recording for this story, along with several others that will appear in the following weeks, can be found on the Digital Repository of Ireland page. This story was collected from Micheál Mac Donnchadh, about whom more can be found in the Béaloideas article written by Mac Giollarnáth. Dialectal notes follow.

 


Bhí an bád luchtuighthe istigh i nGaillimh ag Pádhrac Mhac Eoinín as Leitreach Árd. Bhí caiptín soithigh ann agus bhí sé ag iarraidh píolóitidhe. Bhí sé ag cainnt le Toma Réamoinn Mhac Dhonnchadha sa tsráid ag fiagruighe dhe cé bhfuigfeadh sé píolóitidhe. Go Cuan an Fhóid Duibh bhí sé a’ gul. Bhí Pádraic Mhac Eoinín ag siubhal aníos an tsráid.

“Seo aníos an píolóitidhe is fearr i gCondae na Gaillimhe, má théigheann sé i n-éinfheacht leat,” adeir Toma Réamoinn nuair a chonaic sé Pádhraic.

Labhair Toma Réamoinn le Pádhraic annsin.

“Cé’n nós a ngabhfaidh mé i n-éinfheacht leis,” adeir Pádhraic, “agus bád lúchtuighthe agam le tabhairt chuig fear as Cloch na Rón?”

“Nach cuma sin,” adeir Toma Réamoinn, “má thugann sé airgead maith dhuit as cught ghul i n-éinfheacht leis. Cé mhéid a thiubhras tú dhó?” adeir sé leis an gcaiptín.

“Trí phunt,” adeir an caiptín.

“Bhí Ceoinín sásta agus d’imthigh sé leis. Chuaidh sé isteach sa soiteach. Nuair a bhíodar a’ gul thar Ceann Bóirne chuir an caiptín Ceoinín a’ gabhail an tsoithigh. Bhí siad ag seoladh siar, chómh fada siar leis an Oileán Iarthach, an t-oileán is fuide siar i nÁrainn, agus chonnaic Ceoinín an fhairrge a’ gul i n-aér.

“Tá droch-chosmhalacht ag tigheacht ar an oidhche,” adeir sé, “Tá fhios agam-sa cá bhfuil poll maith ancaire.”

“Má tá,” adeir an caiptín, “téirigh ann.”

Leag Ceoinín ar Chaisín go gcaithidís an oidhche ann. Nuair a bhí siad ar ancaire i bPoll Chaisín thosuigh Pádhraic Mac Eoinín ag cainnt ar an oibriú a chonnaic sé sa bhfairrge ag an Oileán Iarthach.

“Ní oibriú fairrge a bhí ann chor ar bith,” adeir an caiptín, “ach dhá ghrampard a bhí ag troid agus ní stopfaidh siad sin go marbhuighidh ceann acab an ceann eile.”

D’fhan siad an oidhche ar Chaisín agus ar maidin sheoladar go raibh siad a’ gul siar ó Chruach na Caoile. Bhí an dá grampard le feiceál arís acab agus bhí ceann acab lag go leor, ach ní fhaca Pádhraic deire na troda.

Tá poll i mbathais an ghrampaird agus claipín ar an bpoll. Nuair a fhosgluigheann sé an claipín tá sé i ndon deich mbairille uisge a chur san aér. Chonaic mé féin é.

Chuaidh Pádhraic go Cuan an Fhóid Duib leis an soitheach gur thóig sé a lucht ann, agus thug sé abhaile arís í. Thug an caiptín cúig phunt dó agus dubhairt sé le Ceoinín nach raibh píolóitidhe ar bith ab fhearr ná é.

 


There are a couple of nice dialectal features to be seen in this work. One is thiubhras , which uses the common tiúr- stem for the future tense and conditional mood of tabhair. This is also a good example as it shows the future relative clause form, which is still to be heard in Connacht and Ulster, even if it’s been lost in the standard and Munster.

 

Another is téirigh, which is imperative form that’s used instead of téigh in the dialect. Likewise, tóig with a slender /g/. Otherwise, most everything else seems to be prepositional pronoun forms, which can be found on earlier posts in the blog if there’s any that are confusing. 

 

 

 


0 Comments

Leave a Reply

Avatar placeholder

Your email address will not be published. Required fields are marked *