Another story from Éamonn a’ Búrc this time. Sorry for the delay in getting this one transcribed and sent out. I hope it’s interesting and you can gather some useful stuff about Connemara Irish from it. It can be found on the Dúchais website here.

Bhí ins a’ tsean-aimsir annseo i bpobul sagart pobuil agus séiplíneach. Bhí chuile dhuine beó i n-aghaidh an tsagart pobuil. Bhí sé drochmhúinte margánta le chuile dhuine gá ru sa bpobul, agus bhí sé an-mhór n-a  n-aghaidh, agus níor mú ná bhí an pobul in’ aghaidh héin. Agus an séiplíneach a bhí aige bhí sé cho gruídhiúil agus cho lách le fear agus le bean agus go ndianfaidís ní a’ bith sa domhan dó a d’fhéataidís a dhiana dhó [agus é leothab ar a’ mbealach céanna].  Bhí go math agus ní ru go h-olc.

Fuair an sagart pobuil amach é agus bhuail éad é leis a’ sagart óg mar gheáll ar na daoiní bheith a’ pré úd leis. Agus ní rabh fhios aige ‘bith cén bealach a mbrisfeat sé é ná a gcuirfeat sé as a’ bpobaul an sagart óg. Bhí searabhónta mrá ag an sagart óg, ‘coinneál an tighe dhó. Agus casú trioblóid uirthe — páiste. Nuair a fuair an sean-sagart amach é sgríobh sé leitir ar an sagart óg go dtí an t-easboc agus dúirt sé go mbu dhé athar an pháiste é. 

Chuir an t-easboc leitir anuas i n-ainm an tsagart pobuil agus dúirt sé leis an leitir a thóirt dó Dé h-Aoine. Agus nuair a fuair an sean-sagart an leitir bhí sé ag iarra moill a choinneál ar a’ sagart óg [i ngan-fhios] gon easboc [go dtí] ar maidin Dé Domhna, ins an ám ar ourdui an t-easboc dhó é. Bhí an sagart óg a’ léighiú Aifrinn ar an altóir Dé Domhna nuair a chuir sé a bhuachaill leis a’ litir isteach go dtí an sagart óg, is leag sé ar an altóir aige í. Nuair a leag, nuair a bhí an sagart ag athrú anúnn ó thaobh gon altóir go dtí an taobh eile, stróic sé an cover agus leag sé an leitir ar an altóir agus an chéad afarc a thug sé urthe thosui sé a’ gol agus a’ gol go trúm.

Ar a dhul thart dó aríst d’iúmpui sé an taobh eile gon leitir as a cíonn, agus bhí sé a’ gol ní b’fheárr ná sin, agus na deóracha móra troma leis, nú go ru an t-Aifreann léite aige. Agus nuair a bhí an t-Aifreann thart dúirt sé le muíntir a’ phobuil uilig iléireach:

“A dhreitheárachaí agus a dhreithiúrachaí, teigí abhaile. Tá poinnte mór rûm-sa amach anois agus ní fhéadaim mórán a rá lib.”

Chua an pobul amach, agus nuair a chua d’fhan se héin i dteach a’ phobul agus thosui sé a’  léighiú. Bhí sé a’ léighiú agus bhlaoidh sé ar a’ diabhal, mar bhí fhios aige ná ru aon nídh ar a’ taltha i n-ánn é thóirt ánn cho tobann tigh an easbuic leis a’ diabhal. Agus tháinic a’ diabhal go dtí é, agus thug sé leis é. Agus nuair a tháinic a’ sagart agus a’ diabhal ar thaltha an easbuic ní ru aon chlog gá ru tigh an easbuic nár bhuail malluíthe. 

“Tá an diabhal ar a’ taltha inniu,” adeir a’ t-easboc, “agus na cloig a’ buala malluíthe.” 

Dhíbir an sagart uaidh é agus nuair a dhíbir bhuail na cloig beannuíthe.

“Tá neach beannuíthe ar a’ taltha anois a’inn,” adeir a’ t-easboc. 

I gcíonn tamaillín ina dhia’, d’iarr a’ t-easboc ar a’ searabhónta a dhul amach agus féáchaint a’ bheifceat sé duine ‘bith a’ teacht. Chua. agus nuiar a chua sé amach chonnaic sé mar d’fheicfeat sé fear. Chua sé isteach go dtí an t-easboc is dúirt sé leis go bhfaca sé fear – mar bheach fear. I gcíonn tamaill ina dhia’ d’iarr sé air a dhul amach aríst féachaint cén sórt fear a bhí ánn, agus chua sé amach.

“Feicim”, adeir an fear, adeir sé, “Déarfainn,” adeir sé, “gur b’éard é sagart.”

“Thiocach dhó,” adeir a’ t-easboc, “gur sagart.”

Agus nuair a tháinic an sagart go dtí an teach chath sé é héin ar a dhá ghlúin taobh amuich go dhorus an easbuic, agus shúil sé isteach ar a dhághlúin go dtí an t-easboc. Agus nuair a shúil sé isteach ins a’ seúmra go dtí é ní ru aon pheictiúr naofa gá ru ar a’ mball nár iûla gon taltha gon tsagart. Chonnaic a’ t-easboc iad aig iûlú dhó, agus bhí fhios aige go ru sé naofa.

“Eiri go do ghlúna,” adeir a’ t-easboc, adeir sé, “is naof thú héin ná mise.”

D’eiri.

“Go cén fá,” adeir a’ t-easboc, adeir sé, “le go bhfuil an sean-tsagart,” adeir sé, “in t-aghaidh cho mór sin, agus ag iarra thú chuir as an áit?”

“Innseó mise sin duit,” adeir an sagart óg. “Tá sé cho crosta, cho coilgneach, cho diabhalta,” adeir sé, “in ‘intinn, a’ buala,” adier sé, “agus a’ troid le muíntir a’ phobuil, agus go bhfuil a’ ghráin acab air, gráin aige orthub. Dhianfach,” adeir sé, “an phobul,” adeir sé, “chuile dhuine gá bhfuil ann,” adeir sé, “dhianfaidís  rud a’ bith sa domhan dom-sa,” adeir sé, “a d’fhéataidís a dhiana dhom, agus dhainfainn  dóib an rud céanna. Agus sin sgannail a chuir an sean-sagart  orm-sa,” adeir sé, “gan aon údar.”

“Tiúrha mise leitit dhuit anois,” adier an t-easboc, “sgríofa, letóirt gon tsean-tsagart nuair a ghohas tú abhaile,” adeir sé, “tóir dhó í. Agus sén sórt leitir a beas ínnti leitir  le sagart pobuil a’dhiana dhíot-sa, agus dianfa mé séiplíneach dhe héin,” adeir sé, “agus athró mé as a’ bpobul uilig é. Agus marach,” adeir sé, “nach bhfuair mé aon mhíthuairisg hana aríú air,” adeir sé, “go dtí sin, ná aon tsiocair aige , bhainfinn a’ cóta uilig dhe.”

Thus sé an leitir dhó agus tháinic a’ sagart óg ar ais abhaile, agu san oíche Dé Sathairn bhí sé sa mbaile. Nuair a bhí shiúil sé go dtí an sagart ar a’ poínnte boise agus tháinic sé, agus thug sé an leitir dhó. Nuair a shín sé an leitir chaige, d’osgail an sagart an leitir agus nuair a d’osgail ní ru aon uafás sa domhan ach an sean-tsagart a’ caoine é héin, faoi é bheith briste ó bheith ’n-a shagart pobul go ru sé n-a sheiplíneach aríst ar ais agus é athruíthe as a’ bpobal. 

Rinniú sagart probull gon tsagart óg agus san oíche annsin nuair a tháinic sé dúirt se le chuile dhuine gá ru tímpeall bheith ag an aifreann amáireach agus go bhfeicfidís rud nach bhfacadar aríú. Agus a’ t-é ná ru i n-ánn siúl math sgufánta a dhiana ins a’ lá é bheith ‘teacht ‘feadh na h-oíche. 

Agus d’fhiathrui sé faoin gcailín a bhí aige héin, agus bhí mac óg ó aréir roimhe sin aici.  Agus í an-ghar go teach a’ phobuil  ’n-a cônuí. Nuair a tháinic a’ Dûnach lárna mháireach, bhí daoine ‘teacht ‘feadh na h-oíche, daoine crithéimeacha ná ru aon siúl math acab, agus anoir agus aniar, fad agus geárr, nuair a chualadar an sgéal.

Agus bhí pobul mór cruínn lárnamháireach ánn. Nuair a bhí dúirt sé leóthab a dhul amach agus an bhean a bhí thréis an pháiste ‘thóirt isteach go leach a’ phobuil. Chua beirt fhear amach agus thug as a’ leaba í, agus fear faoi chaon asgail léithe gur tugú isteach go teach a’ phobuil í agus gur cuiriú ’n-a suí ar chathaoir í i dteach a’ phobul. 

Agus d’ourdui sé an páiste óg ‘thóirt isteach agus a leagan i bhfianuis’ na h-altóra ar chúl a chínn. Nuair a d’ordui léigh sé an t-aifrean. Agus níor labhar a’ páiste aon fhocal — sgread ná béice — go ru an t-aifreann thart. Nuair a bhí, thosui sé a’ léighiú agus i gcíonn tamaill d’iarr sé ar a’ bpáiste eirí ina sheasa. D’eiri an pásite ina sheasa, agus bhí sé a’ léighiú cho math le leithuair a’ chluig eile, agus d’iarr sé ar a’ bpásite eirí agus bretih ar a’ maide. 

Agus chrúm agus ruig sé ar a’ slaitín. Agus nuair abhí sé sin dianta aige thosui sé a’ léighiú arís, agus i gcíonn tamaillín ina dhia’, d’iarr sé air a dhul, agus má bhí a athair i dteach a’ phobuil adhul agus a’ tslat a leagan air. Réitíú an áit dó agus cosán agus thosui sé a’ siúl síos nú gur shiúil sé thrí theach a’ phobuil anúnn agus análl agus a’ t-é nach bhfaca an bhean sin aríú ná tuairisg a’ bith urthe bhí sé héin a’ rithe anúnn agus análl le uafás go mbeach smál a’ bith go leacach a’ páiste an tslat air héin. Nú go ndeacha sé ins a’ gcouirnéal a b’fhuide uaidh a bhí i dteach a’ phobuil, agus bhí sé ag iarra a bheith a’ diana ar chouirnéal a bhí ánn — a’ lad óg, agus shíl a’ fear óg seo imeacht go leathtaobh agus chonnaic a’ sagart é. 

“Ó, a dhiabhail,” adeir a’ sagart, adeir sé, “fan annsin, nó dianfa mise diabhal díot,” adeir sé, “i láthair theach a’ phobuil, faoi phéire adharc,” adeir sé. “An fhad a bheas a’ saol ar suíochan,” adeir sé, “le feiceál ag a’ domhan mór go h-iúmlán.” 

Bhlaidh sé chuige air agus d’iarr sé air teacht amach annseo.

“A’ bpósfa tú an bhean seo?” adeir a’ sagart.


“Ní phósfad,” adeir an fear.


“Well, mara bpósair,” adeir sé, “tá mise gul a’  diana diabhail críochnuíthe dhíot,” adeir sé, “an fhad’s bheas a’ saol ar suíochan,” adeir sé, “in do dhiabhal annsin,” adeir sé, “i láthair theach a’ phobuil go dtí an lá deireannach.”

Ach dúirt sé go pósfach. Phós sé héin agus an bheanle chéile.

“Anois,” adeir sé, “ní ghoha,” adeir a’ sagart, adeir sé, “aon anam, aon nduine go h-Ifreann go deó,”  adeir sé, “ach aon nduine amháin,” adeir sé, “agus tá sésin hana ánn. Go ngrúthuí Dia dhíb,” a deir sé “Teigí abhaile.”

D’imi chuile dhuine amach, chuile dhuine a’ diana íontas gon rud a bhí feicthí acab. Agus nuair a d’imi bhuail aiféal an sagart óg, ón Dûnach seo go dtí an chéad Dûnach eile. Agus dúirt sé le chuile fhear agus le chuile bhean gá ru ag a’ bpobul Dia Dûna seo caithte bheith ánn Dé Dûna seo chugat. 

Agus ar ndú, an t-é náru hana ánn tháinic sé an lá seo ánn, a’ ceapa go bhfeicfeat sé héin go leór. Agus nuair a tháinic — cruinníodar ánn uilig uiléireach, beag is mór agus nuair a cruinni, nuair a bhí an t-aifrean léite aige an dara Dûnach, dúirt sé leóthab:

“A dhreitheárachaí,” adeir sé, “agus a dhreithiúracha, bhí cuthach mór orm-sa an lá deireannach,” adeir sé, “agus fearg. Ní rabh fhios agam,” adeir sé, “céard déárfainn, ná céard a dhianfainn, ach an oiread,” adeir sé, “leis a’ t-é ná ru aon splannc céille aríú aige. Dúirt mé aon nídh amháin,” adeir sé, “nach ru mé i n-ánn a rá. Dúirt mé,” adeir sé, “nach ngohach aon anam go h-Ifreann go deó ach aon anam amháin, agus go ru sé sin hana ánn. Well, ní ghoha,” adeir sé, “aon anam choíchin ánn, ach aon anam amháin,” adeir sé, “Níl fhios a’m-sa,” adeir sé, “bhfuil sé sin hana ánn nú nach bhfuil, ach tugach chuile dhuine aire gá anam péin.”

Beannacht dílis Dé agus na hEaglaise le h-anam na marú agus go mbu seacht míle feárr a bheas sinn héin agus a’ cûladar bliain ó anocht. 

  • ins a’ – sa 
  • gá – ; often also as dhá
  • ru – raibh
  • mú – ; /u:/ often is realized as [u:] in the presence of nasal vowels in the dialect
  • héin – this is how féin is said in the dialect; often written as fhéin 
  • cho – chomh
  • ndianfaidís – déanfaidís; déan is often said as dian/díon in this dialect
  • a d’fhéataidís – a d’fhéadfaidís; the <f> causes devoicing of the preceeding consonant
  • a dhiana – a dhéanamh
  • dhó –
  • math – maith
  • daoiní – daoine 
  • pré – plé
  • mbrisfeat – mbrisfeadh; in the dialect, the /x/ of the conditional is realized as [t’] before sé/sí/siad; this is reflected here and several other places
  • mrá – mná; /n/>/r/ often happened after consonants in Connemara
  • casú – casadh
  • easboc – easpag
  • go mbu – In Connemara, go mba is used instead of of gur/gurbh in the past/conditional indirect speech of the copula
  • mbu dhé  – In Connemara, when the conditional/past of the copula is followed by é/í/iad, there’s an off-glide; badh is the older spelling of ba and reflects this pronunciation
  • a thóirt – a thabhairt
  • ag iarra – ag iarraidh
  • gon – both de and do have merged to go in this dialect
  • Dé Domhna – this is how Dé Domhnaigh is said in the dialect
  • ourdui – ordaigh; in Connemara, verbs ending with <(a)igh> end in a schwa in the past tense, as shown in writing here
  • léighiú – léamh
  • anúnn – anonn
  • afarc – amharc
  • thosui – thosaigh
  • trúm – trom
  • d’iúmpui – d’iompaigh
  • nú – ; c.f.
  • uilig iléireach – This is a form of uilig go léireach(t), where the /g/ of go has been elided because of uilig and the vowel written with the next word
  • dhreitheárachaídeartháireacha
  • dreithiúrachaí – deirfiúracha
  • rûm-sa – Based off of The Irish of Iorras Aithneach, I’d lean towards interpreting the û used by Mac Coisdealbha as either /õ:/ or /ũ:/; either way, it’s romhan-sa, as said in the dialect
  • chua – chuaigh
  • teach a’ phobul – the Connemara word for ‘church’
  • bhlaoidh – ghlaoch;
  • taltha – talamh
  • ina dhia’ ina dhiaidh
  • a’ bhfeicfeat sé – an bhfeicfeadh sé
  • mar bheach – mar a bheadh; the <-dh> of the conditional is pronounced as /x/ in the dialect
  • seúmra – seomra as pronounced in the dialect
  • iûla – umhlaigh, the circumflex most likely represents that it’s a nasal vowel 
  • in t’aghaidh i d’aghaidh; The d’ from do (your) is always pronounced t’ when before vowels
  • Innseó – inseoidh; future tense verbs end with a schwa in the dialect
  • dhianfach – dhéanfadh
  • tiúrha – tabharfaidh; the verb uses the stem tiúr- often in the dialect; the rest is just the schwa of the future tense
  • ghohas – ghabhfaidh; this is the relative clause form of the verb, and of gabh replacing the rach- stem in the future tense in Connemara
  • tóir – tabhair
  • a beas – a bheidh; relative clause form once again 
  • athró – athroidh
  • hana – cheana
  • aríú – ariamh = riamh
  • chaige – chuige; this is the merging of ag and chuig in the dialect
  • rinniú – rinneadh; one-syllable verbs in the past autonomous end in /u:/
  • amáireach – amárach is said with a slender /r’/ in Connemara
  • fiarthui – fiafraigh; Connemara has metathesis in this verb
  • crithéimeachacirthéimeach, with metathesis
  • thréis – tar éis; also théis
  • tugú – tugadh
  • d’ourdui – d’ordaigh
  • seasa – seasamh
  • chrúm – chrom
  • réitíú – réitíodh
  • nú –
  • go h-iúmlán – go hiomlán
  • pósfad – pósfaidh mé; this is the synthetic form of the verb, common in Munster but reserved for ‘echo forms’ in Connemara
  • pósair – another echo form, this time second person singular 
  • aon nduine – this is how it’s said in all dialects; it’s the origin of éinne
  • go ngrúthuí – go gnóthaí – the subjunctive of gnóthaigh (in Connemara, it’s grúthaigh thanks to regular sound changes)
  • ar ndú – ar ndóigh
  • uilig uiléarach – This is a form of uilig go léireach(t), where the /g/ of go has been elided because of uilig and the vowel written with the next word
  • dreitheárachaí – The general plural of dritheár, which is how deartháir is said in the dialectdhreithiúracha
  • dreithiúrachadeirfiúracha. Often said dreifiúr as well; likely an long /i:/ at the end of the word as well
  • anam péin – After /m/, you’ll hear péin instead of féin/héin sometimes, thanks to sandhi processes 
  • marú – marbh
  • cûladar – comhluadar 

0 Comments

Leave a Reply

Avatar placeholder

Your email address will not be published. Required fields are marked *