This tale also comes from Éamonn a’ Búrc. It was recorded on the ediphone in January of 1933 by Liam Mac Coisdealbha. It can be found on Dúchas’s website here. I am also working on a new style of presenting these stories, as several readers have complained that the long quote blocks make things more difficult. From now on, I will be writing the introductions in italics and then writing the story in normal print below it.
Bhí Lord annseo fadó a dtugaidís Lord a’ tSléibh’ air, agus bhí aon mhac amháin aige agus sé an t-ainm a bhí air Seán. Oíche gá ru siad cois na tine sa mbaile dúirt Seán le n-athair gá bhféatat sé dhul go Sasana go ndianfat sé math dhó lá eicíneacht. Chruinni sé an oiread airgid suas annsin agus thug sé go Sasan’ é, agus ghot sé ag obair lé duine uasal i Sasana. Nuair a gho bhí sé a’ feaousú chuile lá agus ag eirí suas nó go ru sé ina mháistir as cíonn a chuid oifigí uilig uiléireach, agus é in’ fhear an-bhreá; agus níor sgríobh sé aon litir ‘ríú abhaile agá n’athair. Níor chuir sé tuairisg ar bith aige. Nó go dtug iníon an Lord taithne dhó is gur úirt sí go mbu bhreá an fear é le bheith aici. Dúirt a h-athair annsin léithi go mb’in rud nach bhféatat a bheith amhla go mb’fhéidir go mb’éard a bhí ánn duine dona, nár bh’fhiú tada sa mbaile é, agus nach ru sé réidh aici – nach ru sé éasgaí aici a dhul dhá phósa gan fios bheith aici cé hé héin. Dúirt sé go gcuirfeat sé triúr fear análl go hÉirinn ar dtús chul á bhfát sé an iníon le pósa, agus a thóigfeadh suas cén sórt bealach a bhí le n-athair sa mbaile nó cén bealach ar tóiguí é. Agus fuair sé triúr colceatarachaí gon bhean annsin le cur análl – tiúr clánn daoiní uaisle. Agus labhair sí héin leothab agus dúirt sí leothab gan aon droch-charachar a bheith acab air, ach focal math a bheith acab nuair a bheat siad a’tíocht ar ais.
Go’dar análl agus nuair a gho’dar análl bhí siad a’ cur tuairisg ar tí an Lord aríú aríú nó go bhfuaireadar amach an teach i ngleánn sléibhe; agus nuair a bhí siad a’ teacht go dtí an teach be dh éard a bhí ánn teachín beag bocht dona, agus ní ru sé buailte chor a’ bith, ach sláimmín féir agus fiatuíol sáithte amach thrí na ballaí ánn. Nuair a gho na trí lord isteach bhí maidí gréine isteach thrí na sgailpreachaí bhí ar a’ teach. Agus bhí an sean-lord ina shuí ag a’ tine agus ciseóigí leacaí ar a dhá ghlúin agus bhí dhá cheann déag go ghabhair i ndtóin a’ tí a’ breathú air agus a dhá súil ag ul ar a gceánn ‘súil le cuide gon dínnéar fháil iad héin. Agus cuile chraiceann a bhainfeat sé go na fataí thiocach ceánn go na gabhair agus chrochfat sé leis Óna lamhaí é. Agus nuair an bhí an sgéal thart – bhí siad tamall a’ breathú air – gh’dur amach, agus bhí siad a’ teacht abhaile.
“Well, cén sórt tuairisg a bhéarfas muid air?” adeir a’ fear bu mhó le rá acab.
“Well, tá rud á’m-sa le rá,” adeir fear acab, adeir sé. “Déarfa mé héin,” adeir sé, “go ru sé ag ithe a dhínnéir agus na cosa a bhí faoin mbourd nach dtiúrat sé ar lundun uilig iad!”
“Well, déara mise,” adeir a’ dara fear, adeir sé, “go ru gacha lé fuinneóg ar a theach agus bhí go laetheanntaí sa mbliain agus fuinneóg as a gcíonn.”“Déara mise,” adeir an tríú fear, “go ru gárda shaighdiúir gá fhaire fhad is bhí sé ag ithe a dhínnéir, agus go ru siad a tóigeáil píleál na bhfataí bhí ar a’ mbourd óna lámha agus a gcuid airm as a gcíonn.” [.i. na h-adharca]
Bhuaileadar leób agus tháinic siad go Sasana. Tháinic an Lord mór suas chucab agus d’fharthi sé dhíob cén sgéal a bhí acab.
“Tá,” adeir duine acab, “sgéal á’m-sa,” adeir sé. “Go deimhin féata mé mionnú dhuit,” adeir sé, “na cosaí a bhí faoin mbourd a ru sé ag ithe a dhínnéir dhe,” adeir sé, “nach dtiúrat sé ar Londun uilig iad.”
“Tá an dara sgéal a’m-sa,” adeir a’ dara fear. “Tá mé I n-ann a rá,” adeir sé, “go rou fuinneóg i n-aghaidh gach lá gá bhfuil sa mbliain ar a theach, agus fuinneóg le cois.”“
Tá,” adeir an tríú fear – “bhí dhá shaighdiúir déag aige,” adeir sé, “dhá ghárdáil,” adeir sé, “an fad a bhí sé ag a dhínnéar, agus a gcuid airm as a gcionn.”“By dad,” adeir sé, “is mór le rá an fear é.”
“Tiúra mé m’iníon duit,” adeir sé le Jack. Agus thug. Thug sé an iníon go mhac a’ lord agus pós iníon a’ lord agus mac a’ lord.
Agus nuair a phós chuala Lord a’ tSléibhe go ru a mhac pósta ag iníon a’ Lord is saidhbhre i Londun. Dúirt sé go ngohat sé cho fada leis agus go mbeadh tuairisg aige héin air, agus go bhfuigheat sé cabhair uaidh. Bhuail sé anúnn – dhíol sé na gabhair – agus maide ina láimh. Agus bhí sé a’ tóruíocht aríú agus go brách go dtáinic sé suas le tí an Lord seo i Londun. Nuair a tháinic, tháinic sé ag a’ ngeata, agus bhí teach geata agus fear geata roimhe annsin, nach leiceach ag a’ gcúrt é nó go bhfát sé cead uaidh héin – ón máistir. Nuair a tháinic sé go dtí é dúirt sé leis fanacht go dtugeat sé anuas ón máistir. Agus chua fear a’ gheata suas go dtí an máistír, agus nuair a chua bhí an máistir ag ul chaige anuas agus thug sé leath-sovaran dó agus dúirt sé leis a dhul síos agus a’ leath-sovaran sin a thóirt gon seanfhear agus é bheith ‘g imeacht. Agus chua an póirtéar ar ais – fear a’ gheata – go dtí an seanfhear, agus dúirt sé leis gur b’sheod leath-sovaran a thug an duine uasal dó agus dúirt sé leis bhe’ ‘g imeacht. Agus séard dúirt a’ seanfhear leis go mb’fhearr leis aon afarc amháin air héin ná a bhfuil g’ór i Lundun uilig. Dúirt sé nach nglacat sé sé go bhfeiceat sé é héin. Shúil sé suas ar ais aríst agus nuair a shiúil bhí an duine uasal é héin ag ul anuas aríst agus sovaran aige. “Seo,” adeir sé, “tóir dhó an sovaran,” adeir sé, “agus abair leis a’ mbacach a bhe’ ‘g imeacht go beo!” Agus chua fear a’ gheata síos arís leis a’ sovaran go dtí é agus dúirt sé gur chuir a’ duine uasal sovaran anuas aige, agus é imeacht anois go beó tapa, nó go n-imeóch gan bhuíochas. Agus dúirt sé nach bhfácat sé sin go deó na díle go bhfát sé afarc air héin.
Suas leis – fear a’ gheata – arís, agus bhí an duine uasal é hein ag ul anuas, agus bhí slám gadhar aige – chom math le leath-doiséine acab nó doiséine – agus bhaoi sé orthab agus sgaoil sé sa tseanfhear iAd agus tharrain na gadhair ó chéil’ é ar a’ tsráid. Nuair a tharrain, bhuail sésuas un a’ tí — ag a’ gcúirt. Agus bhí a bhean a’ breathú ar achuile shórt a bhí sé ‘dhiana, agus chuimhrí sí go math go Mbu dh’é ‘athair bhí ‘teacht ar a thóruíocht, agus dúirt sí leis nuair a ghoi sé suas: “Well,” adeir sí, “sin é t’athair,” adeir sí, “agus dhiúin oíche,” adeir sí, “chollós tú i n-éineacht liom-sa go brách mar gheáll ar a’ job atá diantaí a’d.”
Nuair bhí sin dianta d’imi sé roimhe annsin agus gho sé go dtí an sagart. Agus nauir a gho sé go dtí an sagart d’innis sé in’ fhaoisdín gon tsagart gur mharui sé ‘athair lé n-a ghadhair agus thur tharrain na gadhair ó chéile é. Agus dúirt a’ sagart nach dtúirat sé aon fhaoisdín dó. Well, d’imi sé annsin go dtí an t-easboc, agus nuair a gho sé ag faoisdín ag an easboc d’innis sé dhó gur sgaol sé na gadhair le n’athair agus gur tharruíodar ó chéile é; agus dúirt a’ t-easboc nach dtúirfat sé héin aon fhaoisdín dó, nach ru sé i n-ánn. Gho sé as sin go dtí an Pápa agus gho sé ag faoisdín aige, agus nuair a gho dúirt a’ Pápa nach ru sé héin i n-ann an fhaoisdín a thóirt dó mar gheáll ar an rud a bhí dianta aige le n’athair – na gadhair sgaoilte aige ánn agus é tarrui ó chéile acab.
D’imi sé roimhe annsin agus ní rou fhios aige beó céard a dhianfat sé, agus gan tada le n-ithe ná le n-ól aige. Bhí sé siúl bóthar uaigneach annsin lá agus chonnaic sé a’ teacht treasna sa slíú [.i. sliabh] fear agus é gan bróga gan stocaí, agus é mar bheat sé a’ diana aithgiorra thríd a’ slíú; agus d’réir mar bhí sé ‘teanna leis cheap sé go mbu dh’éard a bhí ann sagart Agus go díreach nuair a bhí sé ag ul amach thar an áit a ru sé a’ teacht ar a mbóthar tháinic a’ sagart amach go léim ar ambóthar san áit a ru sé – a bhróga bainte dhe, agus é a’ teacht abhaile thréis é ‘ordaineál. Bheannui sé dhó — bheannui an fear bhocht seo gon tsagart, agus bheannuíodar héin gá chéile. Agus d’fhiathrui an sagart de cén sórt cuma é sin a bhí air, nó cén bealach a bhí leis ag imeacht mar sin. “Tá,” adeir sé, “an áit ar sgaol mé paca gadhar le m’athair,” adeir sé, “agus tharruíodor ó chéile é,” adeir sé, “a leithead seo go lá; agus gan aon fhear i Sasana,” adeir sé, “bu saidhbhre ná mé,” adeir sé. “Agus ní bhfuighinn faoisdín,” adeir sé, “ó shagart ná ó mhinistéara, ná ó Phápa ná ó easpoc, go bhárr an rud a rinne mé ar m’athair.”
“Crúm anuas annseo,” adeir a’ sagart, “agus teire ar do dhá ghlúine agus tiúra mise faoisdín duit.”
Ghoi sé ar a dhá ghlúin agus rinne sé ‘ fhaoisdín leis a’ sagart, agus nuair a rinne bu dh’é an breathúnas aithría chuir an sagairt air πog a bhain gon chéad rud beó a chasfaí dhó ar a’ mbóthar.
D’imi sé an bóthar annsin, agus nuair a d’imi sé an bóthar shiúil an sagart ina dhia’, agus ní i bhfad go bhfaca an sagart é a’ croma i lár a’ bóthar, agus é a’ baint póg i lár a’ bóthar gon chéad rud a chonnaic sé ánn. Agus bu dh’éard a tháinic roimhe dearga daol ar an mbóthar, agus nuair a bhain sé an póg gon dearga daol rug a dearfa daol ar a bhéal air. Bhí sé gá chatha dhe agus ní fhéatat sé. Ach thosui pian – an phian go deó – a’ teacht air, agus thosui a bhéal ag at, iagus tharrain sé naipcín póca bhí aige amach agus chath sé ar a bhéal é, le náire go bhfeiceach aonnduine é – an chaoi a bhí air. Shiúil sé roimhe annsin, agus an sagart ‘teacht ina dhia’, agus bhí an cheánn crúmtha aige, ‘réir mar bhí an phian a’ teacht air. Agus níor b’fhada go dtáinic sé suas le teacht agus gho sé isteach ins a’ teacht agus nuair a gho d’fharthui sé go mhuíntir a’tí a’ bhfácat siad istig go maidin é, agus dúirt bean a’ tí go bhfácach. D’fhiarthui siad a gcaithfeat sé rud a’ bith beatha chul á dteigeach sé a cholla, agus dúirt sé nach gcaithfeach, ach go ru sé ag iarra dhul ar ‘leaba ar a’ bpoínnte. Fríú an leaba ré dhó agus nuair a fríú gho sé a cholla ar a’ bpoínte. Agus ní ru Ánn ach go ru sé goite ‘cholla nuair a tháinic a’ sagart isteach ina dhia’. D’fhiarthui sé a’ dtáinic a leithide g’fhear ánn agus dúirt bean a’ tí go dtáinic.
“Ar chath sé aon bhlas?” adeir a’ sagart.
“Níor chath sé bia ná beatha,” adeir a’ bhean, adeir sí, “ach d’iarr sé leaba fháil faoi réir dhó,” adeir sí, “go dtigheat sé a cholla; agus bhí naipcín,” adeir sí, “caithte siar ina bhéal,” adeir sí. “Agus bhí sé mar bheach fear,” adeir sí, “a mbeach an-phian air.”
Shuí an sagart síos agus fuair sé a shuipéar ó bhean a’ tí; agus i gcíonn tamaill gon oíche, “osgail a’ dorus,” adeir a’ sagar, adeir sé, “sa seomra a bhfuil sé sin ina cholla, féachaint cén chaoi atá air.”
D’osguil, agus bhreathnui sí siar. “Níl aon uafás sa domhan,” adeir sí, “ach é a’ sranna,” adeir sí, “agus tá dearga daol,” adeir sí, “ag ul go mullach a’ tí chuile thaobh,” adeir sí.
“Dúin a’ dorus,” adeir a’ sagart.
Dhúin. Tháinic sí aniar. Agus as sin go ceánn uaire d’iarr a’ sagart uirthe dhul siar arís agus breathnú air. Agus nuair a a gho sí ag a’ dorus a’ dara bouta shíl sí an dorus osgailt agus níor fhéad sí ach leath-osgailt a thóirt air . Bhí an teach ag ul go fro’ le dearga daol fre n-a chéile. Chuir sí béic aisin, agus d’fhiartui an sagart di céárd a bhí uirthe, agus d’nnis sí gon tsagart gur b’iad na dearga daol – go ru an seomra lán leob.
“Dúin a’ dorus,” a deir a’ sagart, adeir sé.
Dhúin. Agus as sin go ceánn uair’ eile aríst d’iarr sé a dhul siar agus féachaint cén chuma a bhí air. Agus ní rabh sí i n-ánn an dorus héin osgailt ourlach, ’n áit a ru an teach pacáilte le dearga daol anois. Dúiniú an dorus agus d’fhága siad mar sin é, go ru as cíonn dhá chuide gon oíche caithte. Agus d’iarr a’ sagart uirre a dhul siar agus breathnú aríst air. Agus d’osguil sí an an dorus agus nuair a gho sí siar sa seomra ní ru blas a’ bith fágtha ach cnámha an fhir seo, gan blas fuil ná feól aríú air, ach é sínte sa leaba — na cnámha.
“Well,” adeir a’ sagart, adeir sé, “buíochas le dia,” adeir sé, “tá an t-anam a’inn,” adeir sé, “agus tá an cholainn ag a’ deoul!”
- Lord a’ tSléibh’ air- In natural, native speech the /n/ of the article is often elided before a consonant. Also shows the natural elision of the schwa at the end of sléibhe
- gá – This is generally how dá is said in the dialect (or as dhá)
- ru – raibh in the Caighdeán. This is a phonetic representation of how it was said by Éamonn a’ Búrc, and is often said in the dialect.
- sa mbaile – In Connemara, sa eclipses.
- le n-athair – lena athair in modern writing. The schwa of lena is elided into athair.
- bhféatat sé – bhféadfadh sé in the standard. In Connemara, the conditional is often pronounced with a /t’/ instead of a /x/ before sé/sí/siad, and this writing represents that. Likewise, the <f> in the conditional (and future) often signals a devoicing of the preceding consonant, thus the <d> is written as a <t>
- dhul – dul, as said in the dialect. Often seen as goil, gol or their lenited forms as well, since verbal nouns of motion often come lenited.
- ndianfat sé – same rule as above with regards to the <t>. The verb here is déan, which is often pronounced as dian (díon) in the dialect.
- dhó – dó in the standard. The pattern is that forms of do/de are often lenited in the dialect, thus why we also see gá/dhá earlier.
- eicíneacht – éigin in the standard. Several similar forms exist throughout Connemara, eicínt being another common one.
- chruinni – Chruinnigh in the standard. In Connemara, the past tense of a verb often ends in a schwa. Mac Coisdealbha’s spelled things to represent that, thus the lack of <gh> here is to represent it ends in a schwa, and doesn’t mimic the Munster/Donegal pronunciation.
- go Sasan’ é – Another example of elision, this time due to the é.
- ghot sé – gabh has replaced téigh in several tenses in Connemara, and this is an example of that with the /t’/ ending mentioned earlier
- lé – one of the realizations of le in the dialect. Also the normal realization in Corca Dhuibhne.
- feousú – feabhsú in standard spelling
- chuile – gach uile, but used instead of gach for ‘every’ in the dialect. Lenites the following word and is extremely common.
- uilig – uile in the standard
- uilig uiléarach – This is a form of uilig go léireach(t), where the /g/ of go has been elided because of uilig and the vowel written with the next word.
- in’ fhear – Another example of elision. ina fhear in the standard
- ‘ríú – riamh in the standard, often said ariamh in the dialect, which is why the apostrophe is at the beginning
- agá n’athair – this is what’s known as the linking infix -án-. It was used before certaining prepositions and the possessive a. Here, the a is elided into athair. Ó Curnáin says it’s not productive, but a friend in Carraroe says it’s still able to be heard; maybe a sub-sub-dialect thing
- taithne – taitheamh in the standard. In Connemara, multisyllabic words ending with <mh/bh> often get shortened to the schwa. Likewise, the medial <t> is not pronounced in the dialect.
- gur úirt – In the dialect, the verb abair has become regularlized in the past tense, thanks to a reanalysis of the <d> as being the past tense particle do. So you’ll hear dúirt, ar úirt, níor úirt, with it taking regular past tense particles/conjunctions
- go mbu bhreá – gur in the standard. Connemara uses go mba for conditional copula with go. bu is just the older spelling of ba, where <u> was used to represent the schwa instead of <a>
- léithi – léi in the standard.
- go mb’in – gurbh ‘in in the standard, or gurbh é sin. sin/seo are often reduced to in/eo (ní hin é, for instance)
- amhla – amhlaidh in the standard
- ánn – Often said with a long vowel in the area
- éascaí – éasca
- héin – féin is often pronounced héin, though it’s usually written fhéin.
- cuirfeat sé – cuirfeadh sé in the standard; see the notes above
- chul á – shul á
- bhfát sé – bhfaighfeadh sé. faigh is often pronounced fagh/fá in the dialect, otherwise see notes above for the use of <t>
- thóigfeadh – thógfadh in the standard. The verb has a slender <g> in Connemara
- tóiguí – tógfaí
- colceatarachaí – This is the general tendency of Connemara for plurals of <-anna> or <-acha> to end with /i:/
- clánn – clann
- daoiní – daoine, often said with /i:/ in this part of Connemara
- leothab – leo in standard, often written leob
- acab – acu
- bheat siad – bheadh siad
- a’tíocht – ag tíocht. The /g/ is often dropped before consonants in native speech. tíocht is often used instead of teacht in Connemara
- go’dar – Would be gabhadar if written in modern spelling. dar is the past tense plural synthetic form, still quite common in Connemara (and it’s actually spreading outwards as a new subject pronoun, replacing siad) and definitely used in Munster
- tí – tigh
- fuaireadar – fuair siad
- thrí – trí and its variant forms are often lenited in speech in the dialect.
- leacaí – leagtha. Often, the <th> causes devoicing of the preceeding consonant, and the verbal adjectives often end in /i:/ in the dialect
- go – de (and do) are said this way in the dialect
- breathú – breathnú
- ag ul – ag dul, would sound the same as a’ gul
- gon – den
- fháil – a fháil, the a is lenited becuase of the long vowel in fháil.
- bhainfeat sé – bhainfeadh sé, as above
- thiocach – thiocfadh; it’s pronounced with a /x/ in Connemara.
- chrochfat sé – crochfadh sé
- lámhaí – A variant plural of lámh
- a bhéarfas – a bhearfaidh in the standard. This is the future relative clause form of the verb; also used in Donegal.
- á’m-sa – agam is often pronounced as a’m in the dialect.
- déara – déarfaidh in the standard. Connemara future tense verbs often end in schwas, and this spelling reflects that.
- bourd – reflects the dipthong that is in bord in Connemara.
- tiúrat – tabhairfeadh. This verb often has the root form tiúr- in Connemara.
- laethanntaí – variant plural of lá
- a gcuid airm – In Connemara, and native speech elsewhere, cuid often appears before inalienable nouns in the plural as well as mass nouns after a possessive.
- tháinic – tháinig. Quite often the final /g/ is devoiced in words in Connemara; this spelling reflects that.
- chucab – chucu in the standard
- d’fharthai – d’fhiafraí in the standard. In Connemara, there’s been metathesis of the two sounds in the middle; the ai ending is just to signify it’s pronounced with a schwa
- dhóib – Quite common for the forms of do/de to be lenited in the dialect (they’re collapsing together); as for final /b/, most third person plurals end this way in the dialect (see acab, chucab, leób, etc. above)
- féata – ƒéadfaidh in the standard. The <f> signals devoicing of the /d/ to a /t/, and the future tense generally ends in a schwa in Connemara.
- cosaí – Variant plural of cos
- tiúra – tabhairfidh; combination of the stem tiúr- being used with the schwa of the future tense
- cho – a variant of chomh
- anúnn – anonn
- leiceach – ligfeadh
- thóirt – tabhairt
- ‘g imeacht – This case shows where, before a vowel, the /g/ of <ag> stays while the leading schwa is ellided by the ending of the word before.
- afarc – amharc
- gur b’sheod – gurbh é seo in the standard. Often seo becomes seod in the dialect when used this way, and the /s/ is often lenited in copular seo and sin (see go mb’in, above)
- aríst – arís
- doiséine – dosaen
- blaoi – Traditionally, blaoidh/bloach was used instead of glaoigh/glaoch.
- orthab – orthu
- dhiana – dhéanamh. As mentioned, the ending is often turned into a schwa, and it’s pronounced as if it were spelt ‘díon/diana’ in the dialect.
- cuimhrí – chuimhnigh. /n/, when following a consonant, is often turned to /r/ (perhaps more famous in the word mrá)
- dhiúin – deamhan
- chollós tú – a chodloidh tú, relative clause form
- mharui – mharaigh
- easpoc – easpag
- slíú – sliabh
- thréis – tar éis; often said théis as well.
- crúm – crom
- teire – téigh
- ins a – ins an > ins a’ > sa
- fríú – fritheadh
- bouta – babhta
- dúiniú – dúnadh
- d’fhága – d’fhág in the standard.
- fro’ – fraigh
- fre n-a chéile — trína chéile. Frí, fré, thrí, thré can all be heard in the dialect.
- deoul – deabhal = diabhal
0 Comments