This week’s post contains two stories from Annála Beaga ó Iorrus Aithneach. As usual, I will transcribe them with the original spelling, and note any pertinent dialectal features.

An chré atá ar Oileán Cháillín i n-aice le Ceann Léime dá gcaithtí cuid di ar chruach arbhair ní bhcfadh na luchain leis an arbhar. Tá oileán eile i n-aice le Cathair na Mart, Inis Cré, agus dá gcaithtí cuid de chré an oileáin sin ar an arbhar d’fheicfeá na luchain ag imtheacht agus iad ag sgreadach.

Bhíodh turas dá thabhairt go tobar Cáillín ar an oileán nó gur beannuigheadh tobar eile dó ar an tír i mBaile na Léime. Ar an 13adh lá de mhí na Samhna atá an fhéile agus bhíodh an fhairrge garbh ag daoine a’ gul go dtí an t-oileán.

Bhí cláiríneach as Cúige Mumhan a raibh maidí croise aige a tháinig ag tabhair an turais go tobar Cáillín. D’éirigh leis teacht chómh fada leis an gclaidhe i n-aice an tobar agus ní raibh sé i ndon ghul thar an gclaidhe. Sin é an uair a spreach sé Cáillín.

“Sgreadaim ort, a Cháillín,” adeir sé, “A Mhic Árdrí Laighean, tá mé imo cháiríneach is ní sháróchaidh mé an claidhe.”

Leigheasadh ar an bpoinnte é.

Tá ceithre thobar ag Cáillín agus tá ceann acab ar an Tráigh Ruaidh agus ceann eile i nÁrainn.

S. Mac Giollarnáth, Annála Beaga ó Iorrus Aithneach, 11-12

Not many dialectal features here,except the typical use of prepositions like ‘acab’. The use of the word ‘claidh’ should be mentioned, however, which is ‘claí’ in the standard though not said that way in Connemara. As for ‘i ndon’ over ‘in ann’, this is an older spelling, but more accurately reflects the pronunciation in my opinion, and keeps the etymology separate from that of ‘ann’, which is confused in the modern spelling of the word.

Thiar i Muigh-Iorrus atá Struthán Sianach. Tá tobar ann, is do Shianach atá sé ceapuighthe. Bíonn daoine a’ gul ann ‘chuile Dhomhnach.

Bhí muinntir Leitreach Árd ag cruinniú feamainne deirge ar an tráigh lá Fhéil’ Sianach. Níl aon choca feamainne dá raibh ar an tráigh nár tugadh chun siubhail agus an fear a raibh cliabh feamainne ar a dhruim aige, cuireadh i ndiaidh a mhullaigh é agus caitheadh an fheamainn as an gcliabh. Ní dheachaidh muintir Leitreach Árd ag obair ar an saoire -Lá Fhéil’ Sianach – ariamh ó shoin.

ibid, 12-13

Again, not much here either, which is to be expected given it’s length.


0 Comments

Leave a Reply

Avatar placeholder

Your email address will not be published. Required fields are marked *