Once again, today’s selection comes from Annála Beaga ó Iorrus Aithneach by Seán Mac Giollarnáth. I’ll be transcribing the next little tale and giving notes about any dialectal features that appear. All spelling is in the original, as it was in the original text itself; nothing has been moved into the modern spelling or standardized unless it was done by Mac Giollarnáth.

An crann a bhi ainmnighthe do naomh bhíod sé ag innseacht do dhaoine céárd a dhéanfaidís. Deireadh siad urnaighthe do’n naomh a mbíodh an rann ainmnighthe dhó, agus deireadh an crann leob céard a dhéanfaidís

Bhí crann ainmnighthe do Mhac Duach, Crann Mhic Duach, agus bhí daoine dá leigheas ag an gcrann. Bhí fear a raibh dúil i saidhbhreas aige, ghearr sé sliseoga de shean-bhád agus chuaidh sé dhá ndíol, ag rádh go mbadh sliseoga de chrann Mhic Duach iad. Tháinig sé chuig an bhfear seo a raibh an t-áibheirseoir ina bholg. Cheannuig an fear na sliseoga uaidh a ghearr an ceannaidhe de shean-bhád. Chuir sé a mhuinghin as Dia agus as Mac Duach. Dubhairt sé urnaighthe dóib. Chuir sé na sliseoga ádhmaidh síos i soitheach agus chuir sé uisge timcheall orthab. Ar an bpoinnte boise is d’ól sé deoch de’n uisge d’fhág an sean-bhuachaill a bhlog.

“Cé’n cás dom tada do mo dhíbirt,” adeir an t-áibheirseoir nuair a bhí sé díbheartha, “ach cnámha an t-sean-bháid!”

An té a chur a mhuinghin as Dia agus as Mac Duach, rinne sé go maith.

Bhíodh daoine ag iarraidh cnámha Mhic Duach fadó agus daoine dá ndíol. Séárd a bhí ionntab cnámha de chrann a bhí ainmnighthe do Mhac Duach. Tá muinghin mór acab as Mac Duach.

Annála Beaga Ó Iorrus Aithneach, pg. 10-11

Really, there’s not much to say in this story that hasn’t already been said in others. Most the things that stand out to me are prepositions or the use of dhá instead of á, all of which either have their own posts or are mentioned in the previous ones. So, instead, just enjoy the story and maybe next week I’ll come back with some more from Éamonn a’ Búrc.

 


0 Comments

Leave a Reply

Avatar placeholder

Your email address will not be published. Required fields are marked *