These two stories both come from Annála Beaga ó Iorrus Aithneach. As usual, I will write any dialectal notes that catch my eye below.

Naomh a bhí i Mac Dara. As Condae an Dúin a tháinig sé – ceapann siad gubh as é. Bhí mórsheisear acab uiliug ann: Mac Dara, Mac Duach, Caolann, Cáillín, Éinne, Flannán agus Fechín

Only really interesting thing to note here is the use of mórsheisear, which is the traditional way to count seven people; seachtar is, like many things, such as the base 10 counting system, brought in later by revivalist (to the best of my knowledge).

Níl aon chomhnaidhe anois i nOileán Mhic Dara – Cruach na Cara. Bhí fear a raibh Páidín Ruadh air ar an oileán, é féin is a chlann. Sheasadar ann nó gur phós duine dá chlann ann. Bhí leath-ghabhaltas i nOileán Máisean ag Páidín Ruadh. Thug sé do’n mhac a phós é. D’fhán an mac eile i n-éinfheacht leis féin i nOileán Mhic Dara. Ins an am sin ní raibh mórán le dhá bhó ag aon fhear i nIorrus Aithneach agus bhí seacht gcinn déág de bheithidhigh bhainne ag Páidín Ruadh i nOileán Mhic Dara. Badh é an t-ughdar a bhí leis sin le feabhas an oileáin le haghaidh saothrú. Bhí seacht bpunt ar an tonna de’n cheilp le n-a linn agus ní raibh aon lá nach raibh sé i ndon dhá thrághadh a dhéanamh i séásúr na feamainne. Níor shéid aon ghaoth as aér nach raibh fasgadh ar thaobh eicínt de’n oileán ag fear le haghaidh oibre. Ní raibh bliain ar bith nach raibh Páidín Ruadh i ndon trí nó ceathar de sgórtha punt a shaothrú as an gceilp. Bhí sé i ndon na beithidhigh a leigeann suas agus mara bhfeileadh sé dhó, ceann nó péire a dhíol nuair a thogróchadh sé é.

Faoi dheire cheap a chlann nárbh aon áit é a bheith ann ní b’fhuide, go mbadh gheall le príosún a bheith ar oileán mara. Bhí feilm bheag dhá díol i gCill Chiaráin agus cheannuigheadar í agus d’fhágadar Cruach na Cara ina ndiaidh agus ó’n lá ar imthigheadar as nó go bhfuaradar bás, agus níor bhlianta fada é sin, bhíodar ag tuitim siar insa ‘chuile shórt. Challeadar a sláinte as an deire agus cailleadh iad. Níor réidhtigh an tír leob nuair a d’fhágadar an t-ádh ina ndiaidh i gCruach na Cara. Bhíodh na seandaoine ag rádh go mbadh dona an rud an iomarca uabhair. Is sean-fhocal é.

Ní raibh aonduine ina chomhnaidhe ar an oileán ó d’imthigheadar seo as. Bhíodh trí sgór beithidheach aige ar an oileán feadh míosa. Ní fhágadh sé ann ach mí iad. Bhí an fheamuinn dhá díol aige agus deich is dhá fhichid sa mbliain ar cheathrar. Chaith an t-oileán dhá bhliain bán. Thóig an Bord é agus tugadh an féar do bhaile an Mhása, an baile badh ghoire do’n oileán agus an fheamuinn do bhaile na hÁirde Thiar. Rinneadh aon ghabhaltas déag de’n fhéar agus eacht ngabhaltas déag de’n fheamuinn. Tá Oileán Muirghileach ó dheas de Chruach na Cara; oileán beag íseal é. ‘Sé an áit is tréine a bhfuil an fheamuinn ag tigheacht ann. Tá teideal ag ‘chuile fhear de na seacht bhfeara déag ar an oileán mór. Sean-bhean a bhí ag cainnt ar an bhfeamainn le máthair Sheosaimh Uí Mhongáin, dubhairt sí go raibh lása óir le Oileán Mhic Dara le feabhas na feamainne a bhí ag teacht ann.

  • Deire – Deireadh; typical Connemara pronunciation.
  • Aonduine – Often heard as aon nduine; likely why it was written this way


0 Comments

Leave a Reply

Avatar placeholder

Your email address will not be published. Required fields are marked *