Once again, I have decided to transcribe a story from Éamonn a’ Búrc, as written down by Seán Mac Coisdeabhla. This one is called Domhnach na bhFear and can be found here. If you’ve read other stories on this blog, it’s likely you’ll recognize this one.

Nuair a tháinic Naomh Páraic annseo go hÉirinn fadó bhí fear ánn go chineál Págánach a dtugaidís Crúm Dubh air, agus bhí arm mór trom láidir aige; agus bu dh é an máistir ar Éirinn uilig é an t-am sin. é hein agus a chuid airm. Chuala sé caint ar Naomh Páraic, agus dúirt sé ná rou’fhios aige ‘bith cén sórt fear a bhí ann nó cén chiall a bhí le Naomh Páraic ar chor a’ bith. Agus dúirt sé annsin go gcaithfat sé a fháil amach cén sórt duine é agus go gcathfar sé plean eicínt a cheapa le n-a mharú – go dtiocat sé héin agus a chuid airm leis a’ gceánn a bhaint go Naomh Pádraic. Bhí buachaill ag Crúm Dú(bh) agus mharui sé mart agus agus chuir sé an buachaill le ceathrú gon mhart mar bhrúnntanas ag Naomh Páraic. Tháinic a’ buachaill leis a’ gceathrú isteach go dtí Naomh Páraic, agus nuair a tháinic d’fiarthui Naomh Páraic de cé chuir a’ brúnntanas sin aige. Agus dúirt buachaill Chrúm Du go mbu d’é Crúm Du.

“Croch annsin tháll é,” adeir Naomh Páraic, adeir sé. Chroch. “Deo grátias,” adeir Naomh Páraic.

Agus gho an buachaill abhaile. Agus ní rabh ‘fhios aige ‘bith céard a chiallui Deo grátias. Agus bhí Crúm Du agus a arm ‘tíocht faoi n-a dhéint nuair bhí sé ‘teacht ar ais.

“Céard dúirt a’ gaduí go bhacach sin leat?” adeir Crúm Du, adeir sé, “nuair a thug tú an ceathrú gon mhart mhart dó?”

“Níor dhúirt sé aon ní gá bhfuil aon tuairisg á’m air,” adeir sé, “ach rud nach bhfuil ‘fhios á’m beo céard a bhain dó. Duairt sé,” adeir sé, “Deo grátias,” adeir sé, “agus níl fhios á’m-sa faoin doun,” adeir sé, “céard é sin.”

“Férbrí céard a chialluíos sé sin,” adeir Crúm Du, adeir sé, “níl mise i n-ánn aon mheabhair a bhaint as.” D’fhiarthui sé gá chuid fear a rabh fhios acab céard a chiallui sé; ní ru siad i n-ánn ínnseacht céard a chiallui Deó Grátias.

“Well, tríálfa mé an lá amáireach é,” adeir sé, “agus cuirfe mé ceathrú eile gon mhart aige,” adeir sé, “go bhfeice mé,” adeir sé, “céard déarfas sé. Bainfe mé an ceánn annsin de,” adeir sé, “arú amáireach.”

Chuir sé an buachaill aríst le ceathrú eile gon mhart go dtí Naomh Páraic, agus nuair a chuir tháinic sé isteacht go dtí Naomh Páraic: “Seod ceathrú eile mairt a chuir Crúm Du agut,” adeir a’ buachaill.

“Deo grátias,” adeir Naomh Páraic. “Croch annsin í leis a’ gceathrú eile.” Chroch.

Bhí Crúm Du leath-beala’ agus a chuid airm a’ teacht faoi n-a dhéint nuair bhí an buachaill a’ tíocht ar ais, leis a’ gceánn a bhaint go Naomh Páraic.

“Céard dúirt a’ gaduí leat muise?” adeir Crúm Du, adeir sé.

“An rud céanna a dúirt sé liom inné,” adeir sé, “Níl fhios a’m beo céard é,” adeir sé, “ná céard a chialluíos sé,” adeir sé, – “Deo grátias.”

“Céard é sin ar chor a’ bith?” adeir Crúm Du.

“Níl fhios againn,” adúradar.

Tháinic sé ar ais. “Well,” adeir sé, “tiúra mé ceathrú eile dhó,” adeir sé. An triú lá chuir sé ceahtru eile aige, agus nuair nuair a chuir, tháinic a’ buachaill leis a’ gceathrú eile go dtí Naomh Páraic agus nuair a tháinic – “Seod ceathrú eile feóla chuir Crúm Du agat,” adeir sé le Naomh Páraic.

“Deo grátias,” adeir Naomh Páraic. “Croch annsin é.” Chroch

Agus gho an buachaill amach, agus bhí Crúm Du agus a mhór-shluaighte a’ tíocht. “Céard dúirt sé leat inniu?” adeir Crúm Du. “An rud céanna a dúirt sé hana,” adeir a’ buachaill: “Níor (dh)úirt sé ach Deo grátias.”

“Well, séard a dhianfas muid,” adeir Crúm Du,  adeir sé, “gohamuid ar ais go dtí amárach, agus cuirfe muid a’ ceathrú eile go dtí Naomh Páraic, agus feicfe muid céard déarfas sé nuair chuirfeas muid a’ ceathrú seo aige – férbrí cén sórt bacach é,” adeir sé, “agus annsin,”  adeir sé, ” mara bhfámuid aon bhlas uaidh ach mar tá chuile lá le trí lá,” adeir sé, “bainfe muid a’ ceánn de.”

Chua. Agus ar maidin a’ ceathrú lá bhuail a’ buachaill leis – an ceahtrú go mhart aige – agus tháinic sé go dtí Naomh Páraic agus thug sé isteach í: “Seo ceathrú eile go mhart a chuir Crúm Du agut,” adeir sé.  Agus maidin dé Domhna a bhí ann. “Fág annsin tháll í,” adeir Naomh Páraic, adeir sé, “i n-éineacht leis na ceathrúnaí eile,” adeir sé. “Deo grátias,” adeir sé.

Agus gho an buachaill amach, agus taobh amuich ag a’  gclaidhe bhí Crúm Du agus a chuid saighdiúir ag ul aníos le  go mbainidís an ceánn go Naomh Páraic.

“Céard a dúirt sé leat?”

“Dhiún blas ach an rud céanna a dúirt sé chuile lá le trí lá: níor (dh)úirt sé ach Deo grátias,” adeir a’ buachaill.

“Goha muid isteach,” adeir Crúm Du, “go mbainfe muid a’ ceánn de!”

Isteach le Crúm Du agus le n-a chuid aimr ‘n-a dhia’ aniar. Agus a chlaidhmhe ina láimh, nó go mbaineat sé an ceánn go Naomh Páraic. “A ghaduí a’  domhain, a bhaca’!” adeir Crúm Du, adeir sé, “nach  beag a’ buíochas atá agad dom,” adeir sé, “as ucht na  mbrúnntanas a chuir mé agat chuile lá le ceithre lá,” adeir sé.

“Thug mé dhuit,” adeir Naomh Páraic,  “an buíochas is feárr a d’héádfainn a thóirt uaim”

“Níor thug tú blas a’ bith dhom-sa.”

“Thugas,” adeir Naomh Páraic, adeir sé, “agus thugas duit níos mó ná thug tú dhom.”

“Ar ndó, níor thug tú rud a’ bith dhom!” adeir Crúm Du

“Thugas,” adeir sé

“Céard dúirt tú,” adeir sé, “ach Deo grátias?”

“Ó, an méid sin héin,” adeir Naomh Páraic, adeir sé, “bu mhó é ná an méid a thug  tusa dhom.”

Ach ní ru Crúm Du sásta  leis sin, agus dúirt sé le Naomh Páraic go mbainfeat sé an ceánn de mara dtugat sé teasbána dhó leis a’ rud a dúirt sé – go mbu mhó a bhíochas héin ná na brúnntanais a chuir Crúm Du aige.

Fuair Naomh Páraic sgála.  “Leag isteach ar a’ sgála annseo na ceathrúnaí mairt sin” adeir Naomh Páraic.

Agus leag. Agus tharraiu Naomh Páraic blúirín páirpéir beag as a phóca, agus chuir sé síos ar a’ bpáipéar Deo grátias, agus leag sé sa taobh eile go sgála é. Agus mheá an páipéairín go muallach a’ tí na ceithre ceathrúnaí feóla.

 

 

  • tháinic – tháinig, often pronounced with the final consonant devoiced (happens to /g/ in word-final unstressed positions throughout the dialect)
  • ánn – ann, just a better representation of the dialectal pronunciation, as /ɑ:/
  • go chineál – de chineál. de and do are both pronounced as go in the dialect.
  • bu dh é – b’é in the standard. It’s ba dh’é, if written in modern spelling. This glide happens a lot in Connemara before é, í, iad with ba. You can see in Ó Cadhain’s works that he uses badh
  • héin – féin is often pronounced with a leading /h/ instead of /f/ in Connemara, though this is usually written fhéin, even though that’s inaccurate.
  • a chuid airm – Generally, the word cuid is used for possessives involving inalienable plurals and mass nouns. (Something I’ve found a lot of learners miss)
  • rou’fhios – raibh a fhios, but better written to reflect the pronunciation. Generally, a fhios is better interpreted as a clitic. It’s often seen written as raibh’s aige, or a similar variant depending on tense, to reflect this.
  • cathfat sé – caithfeadh sé in the standard. In Connemara, the /x/ of the conditional becomes /t’/ before sé/sí/siad. This is seen several other times in the story.
  • eicínt – éigin in the dialect.
  • cheapa – cheapadh. <adh> in verbal nouns are almost always schwas in Connemara.
  • go – do, as I mentioned earlier, is often pronounced go in this dialect.
  • mharui – mharaigh. In Connemara, the last vowel of verbs like this in the past tense is a schwa, and the <ui> is used to describe that.
  • brúnntanas – Dialectal spelling of bronntanas.
  • fiarthui – fiafraigh, in the standard with the same <ui> mentioned above to reflect the schwa pronunciation.
  • go mbu dhé – gurbh in the standard. Connemara uses go mba for the conditional reported speech of the copula.
  • gho – ghabh, often used for various forms of téigh in Connemara. Almost always used in future and conditional.
  • chiallui – chiallaigh, with the same <ui> showing the schwa
  • tíocht – This is often used instead of teacht in Connemara, though the other can be heard (and is actually used in this same line).
  • faoi n-a dhéint – faoina dhéin in the standard, ‘to meet him’
  • gá bhfuil – dá bhfuil. is often said dhá/dá.
  • á’m – This is how Connemara says agam. Often a’m is heard as well, with a short vowel.
  • doun – domhain as said in the dialect.
  • férbrí – cibé ar bith. The dialect also has heibrí, which you’ll see some in the book Seanchas Jimmí Chearra Chois Fhairrge
  • a chialluíos – This is the relative clause form of the verb for the present tense. It’s not used much in Connemara nowadays, and has been replaced by a different relative clause form in the present tense that combines it and the normal present, chiallaíonns
  • a rabh – an raibh. Often the /n/ is not pronounced in <an>. Sometimes, even the whole particle is dropped.
  • ínnseacht – insint in the standard. Will often be heard/written as inseacht
  • tríálfa – triailfidh – <f(a)idh> is often pronounced as a schwa in Connemara, and this shows that. Likewise, Connemara uses triail for ‘try’ quite often, and has for years.
  • amáireach – amárach
  • cuirfe – cuirfidh, with the same schwa as mentioned previously.
  • déarfas – The future relative clause form of the verb. Productive still in Connacht and Donegal.
  • bainfe – bainfidh
  • aríst – arís, as pronounced in the dialect.
  • seod – seo is often said this way with copular structures in Connemara.
  • leis a’ gceathrú eile – The /n/ in an, as an article, is frequently dropped before consonants in native speech.
  • beala – bealach
  • a dúradar – a dúirt siad. This particular synthetic form is still quite productive in Connemara.
  • tiúra – tabharfaidh; this verb often has a root of tiúr
  • dhó – in Connemara is often pronouncd as dhó.
  • hana – cheana
  • a dhianfas – a dhéanfas = a dhéanfaidh in the standard.
  • gohamuid – gabhfaidh muid
  • mara bhfámuid – mara bhfaighfidh muid. This is how faigh is pronounced (as if written fagh)
  • chuile – gach uile; commonly used for where gach would be in the standard.
  • chua – chuaigh
  • domhna – domhnaigh
  • ag ul – ag dul in the standard. Often pronounced as ag goil or ag ghoil in the dialect, which can easily get dropped in quick speech.
  • dhiún – dheamhan
  • ‘n-a dhia’ – ina dhiaidh
  • láimh – lámh in the standard. The old dative has replaced the nominative in Connemara, thus láimh is the nominative singular.
  • go mbaineat sé – go mbainfeadh sé. The /x/ of the conditional is often /t’/ before sé/sí/siad. This was also seen earlier in the story.
  • dhuit – duit
  • thóirt – tabhairt
  • dhom – dom in the dialect.
  • thugas – thug mé; an echo form, where synthetic forms are still used in the dialect.
  • ar ndó – ar ndóigh, pronounced arnú
  • mara dtugat sé – mara dtugfeadh sé
  • teasbána – taispeána
  • tharraiu – tharraing
  • mheá – mheáigh

 


0 Comments

Leave a Reply

Avatar placeholder

Your email address will not be published. Required fields are marked *