It’s funny how, just a week after I said I was hoping to be more consistent it didn’t really happen. But, I did get another story transcribed. Once again, as can be guessed, it’s from Éamonn a’ Búrc, transcribed from the audio by Liam Mac Coisdealbha. This story really reminded me of why I’m working on these, having lots of nice dialectal features and pronunciation written out, something the other manuscript transcribers didn’t always do (for example, some of the Carraroe ones don’t have things written out dialectically). This makes it an invaluable source for people wanting to focus in on a Connemara dialect, specifically one further west than Cois Fhairrge. Anyway, here’s the link to this story, used with permission from Dúchas, and my transcription and notes below.
Bhí buachaill ag Coirneál Máirtín a ru Tomás air. San ám sin ní ru gluaisteán ná traen ná cárr ná bóithrí ins a’ tír seo. Agus áit a’ bith a dtéigheach Coirnéal Máirtín bhíoch a’ buachaill Tómas i n-éineacht leis – chuile áit. Gho sé ar ócáid grotha go Blá Cliath agus Tomás i n-éineacht leis, ar dhá chapall a’ marcuíocht; nó gur chathadar tamall i mBleá Cliath go ndearnadar a ngrotha agus dúradar go ru sé i n-ám acab a theacht abhaile.
An lá ru siad a’ teacht shéid sé a’ báisteach agus ’n-a stoirm agus ’n-a ghála ’n-a n-aghaidh. Dúirt an Máirtíneac: “‘Thomáis,” adeir sé, “an-droch-lá é agus ní dianfamuid áit a’ bith agus níl aon teach le casachtáil dúinn. Tá na tíúwí (.i. tighthe) an-ghann annseo; ach a’ chéad teach a dtiocfa muid go dtí é, leigfe muid tharainn an droch-chioth.” Chonnaiceadar cúirt i bhfhad uatha. “Sin cúirt bhreá,” adeir a’ Máirtíneach, “agus chó luath is thiocas muid suas léithi — go dtí í — fanfamuid go maidin ánn. Chua. Rinneadar ar a gcúirt.
Nuair a tháiniceadar ánn dúirt a’ Máirtíneach leis a’ mbuachaill an dá chapall a chur ar a’ stábla, go ndeaca sé héin isteach ag dorus na cúirte agus bhuail sé an dorus taobh amuich. Agus ní bhfuair sé aon fhreagra ná áird a’ bith. Ní dhearna sé ach breith ar a’ duris agus é shátha isteach agus a dhul isteach. Agus bhí lady bhreá ina suí ar aghaidh an ghráta agus duine uasal — lánúin óg. Níor ligeadar orthab héin go bhfacadar an Máirtíneach. Shiúl sé suas agus annuas ón dorus thar go dtí an dorus i bhfus. agus abhainn ‘silt anuas as a chóta mór.
Sén sórt cóta mór a bhí air cóta glas caorach bréidín, agus bhí cóta mór glas bréidín ar a’ mbuachaill é héin, nuair a tháinic sé héin isteach. Ní dhearna an Máirtíneach ach dhul anuas agus breith ar chluais ar a’ duine uasal óg a bhí ina shuí ar a’ gcathaoir agus ‘rá leis nuair nach ru sé go mhúna ánn héin eirí go gcuirfeat sé héin as é agus deifir air. Bhain a’ duine uasal as suas a’ staighre agus an lady suas ina dhia’, agu shui an Máirtíneach ar a’ gcathaoir agus shui Tomás ar a’ gcathaoir eile.
Ní i bhfad nó go dtáinic fear meán-aosta anuas — fear a’ tí — agus bu dhéard a bhí ánn Iarla. Nuair a chuala sé iad a’ cainnt ar a’ bhfear a chath an duine uasal gon cathaoir sin é an uair a dúirt a’ t-Iarla go mbu duine uasal a rinne é. Chraith sé lámh leis am ‘Máirtíneach nuair a tháinic sé anuas agus chuir sé céad míle fáilte roimh na strainséirí agus shui sé síos i gcathaor i n-éineacht leób i gcomhluadar. Ní ru sé leath-uair ‘na shuí ánn nuair a tháinic fearanuas agus watch óir ar bhárr claidhmhe aige, le troid ag a sé a chlog ar maidin.
Bhí suipéar gá réiteach gon Mháirtíneach agus go Thomás. D’ourdu’ an Máirtíneach an watch a leaga ar a’ mbour go mbeat sé ré. Leagú agus fágú. D’eiri sé ina sheasa agus bhain séa chóta mór dhe agus chroch sé ar phionna é agus ní ru aon duine uasal sa teach bu bhreácha cultha éada’ ná an Máirtíneach nuair a bhain sé an cóta mór dhe.
Ní dheárna sé ach breith ar ráipéar — é tharrain as a’ scabard, agus an watch óir a chuir ar bhárr an ráipéir agus siúl suas a’ staighre, nó go ndeacha sé suas san áit a ru an cómhluadar — chiúg feara déag go dhaoine uaisle. An chéad fhear a casú dhó acú d’fharthui sé: “An leat-sa an watch seo?” adeir sé
“Ní h-eadh,” adeir sé. Chua sé thart go dtí an chéad fhear eile agus d’fhiartui sé ar leis í, agus dhá leir sin gur shiúil sé ar na cúig feara déag, chuile fhear ‘rá nár leis fhéin í. Shúil sé anuas agus í ar bhárr ráipéir aige go dtáinic sé ag a’ mbourd.
“Ní lé aon fhear a’ watch seo, a Thomás,” adeir sé, “tá sé séanta uilig acab, ach, a Thomáis,” adeir sé, “b’fhéidir go bhfuítheá-sa grotha dhe” – á shíne aige a’ watch óir.
Chiúg nóiméad ina dhia’ cuireadh sgéala anuas aige go gcaithfear sé troid ar maidin leis a’ lá le dhá ráipéar, sa ngáirdín faoin gcúirt. Níor chuir a’ Máirtíneach súntas a’ bith air, go dtáinic a’ lá ar maidin agus fuair sé e héin faoiréir leis a’ troid a chur de. Agus tháinic a’ lord mór seo amach agus a chaidhme ina láimg aige héin. Chua an Máirtíneach amach agus a ráipéar ina láimh aige héin, agus d’iúnnsuíodar héin a chéile, a’ lady óg thuas i mbárr na cúirte agus í breathú fúithi síos orthab a’ troid — iníon an Iarla.
Bhí siad héin ‘sátha ‘chéile leis na ráipéir agus chuile sháth thugadh a’ Máirtíneach dó lúbadh a ráipéar mar bhí sé plátáilte taobh istigh, is ní ru aon ghoir ag a’ ráipéar a dhul thríd. Chuile sháth thugadh a’ Sasanach air leis a’ ráipéar choisnigheadh a’ Máiríneach le búnn a bhútais an sáth; go ru sé a’ teanna ‘mach le ám a’ bhricfeásta sa lá, ’s é cínnt ar achaon fhear acab an fear eile a mharú. Nó go ru búnn bútais a’ Máirtíneach gá tholla. Agus ní ru aon fhocal gaedhilge ag aon fhear dá ru ánn ach a’ Máirtíneach agus agá n-a bhuachaill – ag Tomás.
“ ‘ Thomáis,” adeir sé, “tá mé cáillte,” adeir sé. “Tá búnn mo bhróige tollta agá n-a ráipéar agus tá sé ag ul go dtí an beó anois i mbúnn mo choise agus ní bheidh mé i n-ann ‘éalaint. Agus fadó ‘ríú indiu,” adeir sé, “bheadh a’ Sasanach marú á’m-sa, ach tá sé plátáilte agus níl aon fhoir ag mo ráipéar a dhul thríd.”
“Á,” adeir Tomás, adeir sé, “ceal nach dtigeann (dtuigeann) tú héin?”
“Céard seo?” adeir a’ Máirtíneach
“Tuige nach dtugann tú sáth air,” adeir sé, “san áit a maruíteas na caora’ — sa muineál.”
“Buachaill math!” adeir a’ Máirtíneach. “Teir’ go dtí an stábla má rinne tú deifir aríú agus fá na capaill faoi réir, agus ní bheidh siad ré a’d,” adeir sé, “nuair a bheas a’ fear mór marú á’m-sa.”
B’fhíor dhó. Ní dhearna an Máirtíneach ach an ráipéar a sháth sa muineál agus chuir sé amach trí chúl a chínn é, agus mharui sé go léim é. Bhí an dá chapall amuic ag Tomás agus shúil a’ Coirnéal go dtí é, agus gho chaon fhear acab a’ marcuíocht ar a chapall héin agus tháiniceadar sna cos-in-áirde chó tréan agus b’fhéidir leothab é, mar ní ru aithne acab ar aon fhear beó dhá ru ann agus ní ru aithne ag aon nduine orthab ach an oiread. Shúileadar na capaill go ré annsin i ndia’ an seairse (seársa) ‘tóirt sgíth dhób. D’iarr an Máirtíneach ar Thomás breathú ina dhia’ féachaint d’fheiceat sé aon nduine teacht ina dhia’. Agus bhreatha agus bhí triúr fear ‘teacht sna cos-in-áirde — teacht ‘na ndia’ an bóthar. “Imíoch muid héin ins na cos-in-áirde!” adeir a’ buachaill, “Tá triúr fear a’ teacht ar thrí chapall agus ’s dóch’ gur námhaid iad.”
“ ‘ Thomais,” adeir sé, “ní imeó muid sna cos-in-áirde. Bheadh sé túrach ‘ainn é sin a dhéana.”
“M’anam muise,” adeir Tomás, “a mháistir, gur feárr dhúinn rith ó n-a námhaid ná fanacht leothab.”
“Á, ní hí sin an onóir,” adeir a’ Máirtíneach, “ach cén misneach a bhead a’d, a Thómais, fear a throid — agus troidfe mise beirt?”
“Misneach math,” adeir Tomás, “troidfe mé fear anfhad is gohas mé: níl aon chur suas á’m dó.”
“Fear math!” adeir a’ Coirnéal, “troidfe mise an bheirt eile. Téigheadh muid anuas go na capaill agus bíoch muid i bhfeilúint rómpab,” — agus a ráipéar ina lámh ag achaon fhear.
Nuair a tháinic a’ triúr fear i ngar dhób chonnaiceadar gur réití le h-aghaidh troid a bhí an Máirtíneach agus a’ buachaill agus dúradar nach ag iarra troid a bhíodar ach gur b’é an tIarla d’ourdu’ dhób teacht ar ais, go ru an lady óg ina luí ar a’ leaba, tití i ngrá leis an Máirtíneach, agus nach n-eireót sí as an leaba go brách mara bpósat sé í agus gur b’shin é an t-údar a leanadar iad. Rinne an Máirtíneach staidéar.
“Cuire feill (pron. fyL’) é seo anois,” adeir a’ Máirtíneach, “atá muid ‘ fháil”
“M’anam muise más ea,” adeir Tomás, “go bhfuil sé an-éasga ‘ainn gan a dhul ánn, agus a dhul abhaile má níonn tú mo chóirle.”
“Ó,” adeir a’ Máirtíneach, adeir sé, “ ‘ Thomáis, ní hís in an onóir nó’n fhuil. Tá sé cladhartha an cuire eiteach, cuirim i gcás,” adeir sé, “gur cuire feill é.”
“Más é,” adeir Tomás arís, “tá sé an-éasga a’inn a dhul abhaile.” Agus dúirt a’ Máirtíneach dhá maruítí seacht n-uaire é nach ru sé ina chuid fola an cuire eitearch. “Tá sé chó math dhúinn, a Thomáis,” adeir sé, “a dhul ar ais.”
Ní dhearnadar ach na capaill a chasa agus a theacht ar ais ag a’ gcúirt. Bhí an t-Iarla rúmpab agus chuir sé céad míl fáilte roimh an Máirtíneach. Shiúileadar isteach agus gho’dar ins an áit a ru iníon an Iarla ar a’ leaba. Agus d’eiri sí aniar agus rug sí ar láimh ar an Máirtíneach agus dúirt sí nach mbeadh aon fhear go brách aici ach é. Ach phósadar agus sin é máthair an Coirnéal Beag agus máthair Thomáis Máirtín.
- ru – raibh
- ins a’ – sa (ins an > ins a’ > sa)
- áit a’ bith – áit ar bith
- a dtéigheach – a dtéadh – the -(e)adh of the condition mood and the past habitual are pronounced as /x/ unless followed by sé/sí/siad, in which case it’s /t’/
- bhíoch – bhíodh
- a’ buachaill – in fast speech, the /n/ of an is elided
- gho – ghabh
- grotha – this is the word for ‘business’ in the dialectalso commonly written as graithe
- Blá Cliath – Baile Átha Cliath when said fast natively; also Bleá Cliath sometimes
- a’ marcuíocht – the /g/ of ag is elided before consonants in native speech
- cathadar – chaith siad; the –(e)adar ending is the synthetic third person plural in the past tense; still common in Munster and can be heard in Connemara. dar has also started to become its own independent pronoun, replacing siad (tádar is most commonly heard, for instance)
- acab – acu
- dianfamuid – déanfaidh muid; déan is often said as dian/díon in the dialect; likewise, the future tense of the dialect is pronounced as a schwa, thus dianfa muid
- casachtáil– a variant verbal noun of cas
- tíúwí – títheabhaí, a variant plural of teach
- uatha – uathu
- chó –chomh
- thiocas –this is the future relative clause form of the verb, still quite prevelant in Connemara; a thiocfaidh in the standard and Munster
- léithe – léi
- chua – chuaigh; in the dialect, the past tense often ends with a schwa. This is often reflected in Mac Coisdealbha’s transcriptions
- tháiniceadar – tháinig siad. Tháinig is often pronounced as tháinic in this dialect
- go mhúna – de/do are both pronounced go in the dialect and múna is likely múnadh, which is how múineadh is said, in this case meaning ‘good behavior’
- gcuirfeat – gcuirfeadh; in Connemara, before sé/sí/siad, the /x/ of the conditional becomes /t’/
- ina dhia’ – ina dhiaidh
- shui – shuigh
- bu dhéard –ba dh’éard in modern spelling; Connemara often has badh for ba, most noticably heard before é/í/iad/éard, etc. Thus ba dh’é instead of bá é or b’é as in the standard and other dialects
- leob – leo
- gá – dá (or á, in the standard). Often pronounced dhá/gá in this dialect
- d’ourdu’ – d’ordaigh
- bourd – bord as pronounced in the dialect
- leagú agus fágú – leagadh agus fagadh. In the past habitual <adh> for first conjugation verbs is said as /u:/
- breácha – breátha
- casú dhó – casadh dó; Connemara uses casadh do/le for ‘meet’
- fiarthui – fiafraigh – Connemara has metathesis for this verb
- bhfuítheá – bhfaighfeá
- d’iúnnsuíodar – d’ionsaigh siad; the <io> combo is sometimes said as /u:/ in the dialect
- breathú – breathnú
- orthab – orthu
- aon ghoir – aon ghair
- thríd – trí is often said lenited in all forms
- teanna ‘mach – teannadh amach
- búnn – bonn
- ’s é cínnt ar – this is cinn, in the sense of ‘fail’
- agá n-a – ag a; this is called ‘infixed or linking … -án-‘, which traditionally followed the prepositons ag, as, chuig, roimh(e), go dtí before possessive pronouns
- ‘ríú – ariamh;
- éalaint – I’m not 100% certain, but I feel this is é a fhualaint, where fualaint is a dialectal realization of fulaingt. This is backed up by the fact that IIA has fulainn and folainn among the realizations of the verb; could also be a variant of éalú, but no information was found in IIA or FFaG
- tigeann – tuigeann is often said with a /t’/ in the dialect
- maruíteas – this is the present relative clause form; often without the /t’/. In Connemara nowadays it’s still productive, but more often heard by adding an /s/ to the end of the present tense form, where it’s partially collapsed with it, .i. a bhíonns instead of traditional (and Donegal) a bhíos
- math – maith, but to distinguish that it isn’t said like the Donegal form of the word
- teir’ – teire, which is often used in place of téigh as the imperative in the dialect
- fá – faigh is said as fagh, pronounced fá
- aon nduine – this is how it’s pronounced in all dialects; it’s where éinne comes from
- tóirt – tabhairt
- bhreatha – bhreathnaigh
- imíoch – imíodh muid; the imperative “Let us leave”
- ins na – sna
- ní imeó – ní imeoidh; this is how the second conjugation future is said in the dialect
- a dhéana – a dhéanamh; polysllabic words that end with <(e)amh> often drop the /v/ or /v’/ sound
- troidfe – troidfidh; once again, recognizing that the future tense ending is a schwa
- tití – tite; verbal adjectives in Connemara often end with /i:/
- b’shin – ba é sin is often said this way. Sometimes written b’in
- (fyL’) – Note on the pronunciation of the word. IIA says that ei > ai before ll, which explains this (also it goes to /i:/ before nasals, thus greim = grím with the exception of bheinn)
- níonn – This is the old dependent present form of déan. Interesting to see it attested this late
- cóirle – comhairle
- casa – casadh
- rúmpab – rompu
- ins an – sa (ins an >ins a’ > sa) before consonants thanks to normal elision processes
0 Comments