This week’s story is also from Éamonn a’ Búrc. It can be found on Dúchais here.

Fear a bhí fadó ánn agus gho’ sé ag iarra bean agus fuair sé í. Agus bhí sí bliain pósta go díreach nuair bhí mac óg aici agus cailleadh thréis a’ pháiste í. Bhí máthair na mrá ag iarra an pháiste le tóigeál agus duairt athair a’ pháiste nach dtiúrat sé g’aon nduine beó é ach go bhféachfat sé héin lé n-a thóigeál. Bhíoch Sean-mhrá ins an ám sin gul i n-éineacht le daoine ar a mbeathú, ‘tóirt aire go pháistí, agus fuair sé seanbhean le aire thóirt gon pháiste sa teach aige héin, agus ní ru’ ánn ach é héin agus tseanbhean, agus ní ru fear ar bith bu láidre ná é ná b’fheárr. Bhí an tseanbhean dhá mhí aige san ám  seo, ‘tóirt aire gon pháiste agus  sén áit a ru sí insa gclúid i n-aice na tine agus leaba aici héin ánn agus a’ cliabhán lé n-a h-ais, breathnú ‘ndia’ a pháiste ó mhaidin go faoithin agus ó oíche go maidin. 

Tráthnúna oíche gharbh tháinic athair a’ pháiste isteach óna chuid oibre. Bhain sé a bhróga dhe agus shuí sé chois na tine. Rug sé ar a’ bpáiste agus duairt sé: “Mhuise, chréatúirín,” adeir sé, “is math ‘tá tú déana, teacht chugat héin, ‘dhílleactín bhocht, go dtuga dia saol fada dhuit-se,” adeir sé leis a’ tseanbhean, “mar tá tú ‘tóirt aire mhath gon pháiste agus an chaoi bhfuil sé feabhsú.”

“Níl fhios a’t-sa,” adeir a’ tseanbhean, adeir sí, “mar tá fhios á’m-sa. Níl aon oíche ó cailleadh a mháthair ná ó tháinic mise annseo nach dtigeann a mháthair go dtí an páiste sin  agus nach n-íosa sí agus nach n-ólfa sí na fataí bhéas bruithte agus an bainne bhéas sa gcóthra. Ar a’ bpoinnte boise agus thiocas sí isteach sén chéan ní dhéanfas sí theacht go dtí an cliabhán ag a’ bpáiste agus é ‘phóga. Téithfe sí a lámhaí as cíonn na tine ar dtús, goha sí go dtí an cóthra agus tiúra sí na fataí bruithte as agus a’ bainne agus íosa sí agu ólfa sí iad. Nuair bhéas sin déanta aici tioca sí go dtí an cliabhán agus tógfa sí an páiste agus tiúra sí cíoch dhó, agus níghfe sí é agus cuirfe sí éadach teirim  faoi agus leagfa sí sa gcliabhán annsin éagus mainfe [=bainfe] sí póg dhe; agus éireó sí ‘sa seasa i lár an urláir, breathnó sí suas sa seómra san áit ‘na mbeidh tusa ‘do cholla, déarfa sí osna agus goha sí amach. Agus níl aon oíche ó tháinic mise annseo nach dtigeann sí agus nach ndéanann sí an cleas sin, mar bím-se a’ breathnú uirthe agus ní chuirim-se aon cheist uirthe.” 

“Dh mbeadh fhios á’m-sa é sin,” adeir a’ fear, “dhá bhfeicinn féin í choinneóinn héin í nó bu chrua an cás é.”

“Ná bíoch sin le rá a’d,” adeir a’ tseanbhean.  “Cuirfe mise osna asam anocht nuair  thiocas sí agus bí thusa ag éisteacht.”

Gho sé ‘na dhrár agus ‘na léine annsin agus duairt sé gur b’é an chuma shínfeat sé ar an leaba an oíche sin go bhfeicfeat sé a’ teacht í, agus dhá bhfeicfeach go gcoinnéot sé héin í. Bhí an t-am dhá chaithe  nó go ru píosa mór gon oíche caithte, gur airíodar an doras dhá osgailt, go dtáinic sí isteach agus gur phóg sí an páiste agus go ndeaca sí ag a’ gcóthra, gur thug sí mias fhataí as agus naigín bainne a bhí ánn  — naigíní bhíoch ag imeacht san ám sin — gur ith sí le deifir iad. Nuair a bhí sin déanta aici tharraing sí an  teine amach agus théith sí í héin as cíonn na teine — bí fuacht uirthe  is dócha. Nuair bhí sí téithte gho sí go dtí an cliabhán agus thóg sí an páiste, thug sí cíoch dhó, nígh sí  agus ghlan sí é agus chuir sé éádach teirim faoi.  D’éirigh sí ina seasa agus sheas sí i lár an urláir agus bhreathnuigh sí suas sa seomra. Chuir a’ tseanbhean casacht aisti, agus gho sí amach.

“Bhfuil tú ‘do dhúiseacht anois?” adeir a’ tseanbhean

“Táim,” adeir sé, agus gho sé anuas.

“Bhfaca tú anois í?” adeir sí

“Chonnaiceas, agus má chonnaic fhén,” adeir sé, “níor leig a’ faitíos dom a theacht go dtí í, cé gur shíl mé féin gá bhfeicfinn í go gcoinneóinn í.”

Ní dheaca siad a chollaannsin go lá. Gho sé go dtí n-a h-athair agus go dtí n-a máthair annsin go tógha na bhfear, ach a’ fear óg: bu dh’é bu dona. Chuireadar fáilte roimhe nuair a tháinic sé go dtí iad, agus d’fhiarthuíodar de cé mar bhí an páistín a déana. Duairt sé leothab go rabh sé ‘déana go math agus nach bhfuil aon oíche ó fuair a mháthair bás nach ru sí ‘teacht go dtí é agus gá nigheachán agus gá ghlana agus ‘tóirt cíoch dhó. Duairt sé go bhfaca sé héin í aréir agus í ag ithe fataí agus ag ól a’ bhainne, agus nuair bhícaoi ar a’ bpáiste go ndeaca sí amach: nár leig faitíosdó héin corruí.

“Chora go deó dhíot!” adeir a dreitheár is sine bhí aici, “má chonnaic tú í nach ru tú i n-ann í choinneál. Gá mbeinn-se ann choinneóinn héin í.”

“Well, siúil i n-éineacht lioms-sa anocht,” adeir sé, “agus feicfe tú í agus feicfe muist coinnigh fhéin í”

“Má fheicim,” adeir sé, “coinnéod.”

Shiúileadar leothab  agus tháiniceadar ag a’ teach aríst. Ní ru rúmpab ach a’ tseanbhean agus a’ páiste agus shuíodar síos. D’fharthui an dreitheár gon tseanbhean a’ dtigeann sé chuile oíche agus dúirt a’ tseanbhean go dtigeann.

“Má fheicim-se anocht í,” adeir a’ dreitheár,  adeir sé, “ní liece mise ar siúl í.”

Well, bhí písín gon oíche ánn. Gho fear na mrá ar a’ leaba suas, ‘breathnú anuas stripáilte, le í choinneál dhá dteagfat sí. Ní bhfada gon oíche bhí caithte nuair a d’airíodar an doras dhá osgailt. Tháinic sí isteach agus chonaic a’ dereitheár í agus an bhean. Agus chua sí go dtí an tine agus théith sí a lámha — is dócha go mbíoch fuacht i gcónuí urthe.  Nuair bhí sí téighte gho sí go dtí an cóthra, thug sí mias fhataí as agus naigín bainne agus d’ith sí agus d’ól sí iad le deifir. Tháinic sí annuas ag a’ gcliabhán, thóig sí an páiste agus thug sí cíoch dhó. Nigh sí agus ghlan sí é agus chuir sé éadach teirim faoi. D’éiri sí insa seasa agus sheas sí i lár an ourláir. Breathui sí suas sa seomhra agus chuir sí osna aisti agus gho sí amach.

“Bhfuil sibh ina gcolla anois?” adeir a’ tseanbhean.

“Níl,” a dúireadar, agus tháiniceadar anuas.

“Sib,” adeir a’ tseanbhean, “a’ bheirt fhear is dona a chonaic mé aríú cheal misni’.”

Tá mé gul a’ giorra an sgéil anois duit. D’éiri an clean chéanna go díreach gon dara dreitheár.

“Fíor-bhail a’ diabhail orraí!” adeir a’ tríú dreitheár, “dhá mbeinn-se héin ánn choinneóinn héin í,” adier sé.

“Tora dhíot!” adeir na dreitheárachaí, “níl tusa i n-ánn tada ‘déana.”

“Tá mé i n-ánn oiread g’action a dhéana agus gá bhfecinn mo dreithiúr go gcoinneóinn í agus nach leicinn ar siúl í, agus má thagann sibh-se liom anocht be’ fhios agaí go gcoinneó mé í má fheicim í.”

Gho’dar ánn, a’ triúr dreitheár, agus nuair a chua bhí tamaillín gon oíche ánn nuair a dúradar go ngohaidís gon tseómra ar a’ leaba. Duairt a’ dreitheár óg go ngohat sé héin ar cholú na leapa agus iad sin a dhul taobh thuas, riocht is go bhféatat sé rith anuas go léim lé breith ar a dreithiúr. Ní ro sé i bhfad thuas nuair d’airíodar an doras dhá osgailt agus tháinic sí isteach.  Chonaiceadar uilig í. Rith sí go dtí an tine agus théith sí a lámh[a] as cíonn na tine. Gho sí go dtí an cóthra, thug sí na fataí agus a’ bainne as, agus í a’ breathnú ocras mór a bheith urthe. Shui sísíos agus thóg sí an páiste as a’ gcliabhán, thug sí cíoch dhó, ni’ sigh agus ghlan sí é agus chuir sé éadach teirim faoi agus thairis. Nuair bhí sí gá leagann sa gclabhán bhain sí trí phóg an oíche seo de – gon pháiste  — agus níor bhain  aon oíche eile dhe ach póg. D’éiri’ sí ’n-a seasa go dtigeat sí amach — nár dhona an ceathar iad! Ní dhearna an dreitheár b’óige ach éirí go léim agus barróg dhá lámh a chur thímpeall uirthe, agus chuir sé béic ansti agus d’iarr sí as ucht Dé í leigean amach. Agus thug sí to dtí na frochuíochaí an cheád iarra eile é, agus í sgreadach ag iarradh í leigean amach — go marófaí í mara mbeadh sí i n-ánn amuich.

“Gon diún ná gon deaul go chosa a ghohas amach!” adeir sé

Bhí sí gá mharú annsin, gá thóirt suas is anuas, agus d’fógair sé ar dhuine go na dreitheárachaí theacht a chóna dhó lé í choinneál. Bhí an bheirt i ngreím innti agus bu ceannach léithi iad a thóirt amach thrí mhullach a’ tí, gur thit sí mín marú i lár an ourláir mar thiocach meirfean urthe; agus choinni’ an drethéar óg a ghreím i gcónnuí urthe. 

Gho an fear agus an dreithéar ag iarra  an tsagart ar maidin. Tháinic a’ sagart agus iad héin. Chaith an sagart suas go dtí an deich a chlog sa lá a’ léigheamh as a cíonn, agus greím ag a’ dreitheár i gcónuí urthe. Duairt sí leis a’ sagart nuair a tháinic cainnt di nach ru sí lé theacht aon oíche ní bu mhó mar go ru siad [.i. na daoine maithe] ag ul ag athrú go Ciúg’ Ula’  agus nach dtiocat sí aon oíche níos mó marach gur coinníú an oíche sin í. Ní ru aon bhlas mairg urthe ach an oiread lé aon lá aríú ach go rú afarc fiadháin aici thar mar bhí hana go dtí go bhfuair sí bás. Bhí naonbhúr mac aici thréis í choinneál agus bu dhé an t-ainm a tugtaoi ar a clánn Clánn na Mrá Mairibhe.

  • mrá – mná; /n/, when it follows a consonant, has shifted to /r/ in the dialect. 
  • ánnann
  • ghoghabh
  • iarraiarraidh; In the dialect <(a)idh> is pronounced as a schwa
  • thréistar éis; Also pronounced théis in the dialect
  • a’ pháistean pháiste – the /n/ of an elides in fast speech
  • tóigeáil – tógáil has a slender /g’/ in the dialect
  • dtiúrat sédtabharfadh sé; In the dialect, tabhair often has the stem tiúr- in the future tense and conditional mood. Likewise, before sé/sí/siad, the /x/ of the conditional becomes a slender /t’/
  • g’aon nduine – d’aon duine – In the dialect, de and do are both pronounced go, or g’ before vowels. Likewise, aon duine is pronounced as aon nduine in the dialect (it’s where éinne came from)
  • bhféachat sébhféachfadh sé; see above
  • héin – féin is said this way regularly in the dialect; often written fhéin
  • lé – One of the realizations of le in the dialect. 
  • bhíoch – bhíodh; <dh> is pronounced as /x/ in past habitual and conditional in the dialect
  • ins anins an > ins a’ > sa before consonants. The /n/ is kept in an before vowels.
  • gul – dul is often said as gul/goil/gabhail/‘ul in the dialect
  • ‘ tóirt – ag tabhairt; before a consonat the /g/ of ag is elided, and the vowel is elided when it follows another vowel, thus the whole word is elided here. tóirt reflects the pronunciation in the dialect
  • ru’ – raibh is said this way in the dialect
  • bu – ba 
  • ‘ndia’ i ndiaidh; the <i> is elided due to the vowel before it, whereas the <aidh> is a schwa in the dialect, as mentioned
  • tráthnúna – trathnóna; ó is oftne pronounced as ú when near a nasal consonant (m and n)
  • tháinictháinig; often word-final /g/ is devoiced 
  • óna chuid oibre – cuid is often used with possessives when the thing is a mass noun
  • dhe – de in the dialect
  • math – maith in the dialect
  • déana – déanamh; in disyllabic words <(e)amh> is often reduced to a schwa
  • a’t – One of the realizations of agat
  • nach dtigeannnach dtugann
  • nach n-íosanach n-íosafaidh;  in the dialect, as mentioned <aidh> is a schwa. This spelling reflects that
  • nach n-ólfanach n-ólfaidh
  • bhéasbheas; this is the relative clause form of the verb, for the future tense. Common in Connemara and dialects north of it
  • cóthracófra 
  • a thiocas – a thiocfaidh sí; Relative verb form as mentioned with bhéas
  • sénis é an in fast speech
  • dhéanfasa dhéanfaidh
  • téithfe – téifidh; see above for the reason with the schwa
  • lámhaíVariant plural of láimh in the dialect
  • goha – gabhfaidh
  • tiúratabhairfidh; tiúr– is often the future/conditional stem of tabhair in the dialect; schwa ending as mentioned previously
  • tioca – tiocfaidh
  • nighfenífidh 
  • cuirfe – cuirfidh  
  • éireó  – éireoidh
  • breathnóbreathnóidh 
  • cholla – chodladh
  • dhá – is often said like this or in the dialect
  • á’m-sa – agamsa
  • shínfeat sé – shínfeadh sé; as mentioned, the realization of the lazy syllable is a /t’/ in the dialect before sé/sí/siad
  • go bhfeicfeat sé – go bhfeicfeadh sé
  • feicfeachfeicfeadh; the conditional is pronounced with a /x/ in the dialect, except when followed by sé/sí/siad
  • airíodar – airigh siad; the past tense third person plural ending, -(a)dar was/is still fairly strong in the dialect. airigh can also mean ‘hear’ in the dialect
  • go ndeaca – go ndeacaigh
  • chonnaiceaschonaic mé; this is the synthetic form for the first person singular in the past tense. Used in Connemara mainly in echo forms (answers to question, as here)
  • chuireadar – chuir siad
  • leothab – One of the realizations of leo
  • nígheachán – Variant verbal noun of nigh
  • glana – glanadh; word final <dh>, in verbal nouns, is pronounced as a schwa
  • chora – chorraigh
  • dreitheár – déartháir
  • coinneódcoinneoidh mé;  another ‘echo form’, this time first person singular in the future
  • rúmpab – romhaibh
  • sibsibh is often said with just the /b’/ ending, in the pronoun as in the prepositional pronomial forms
  • dreithiúrdreifiúr
  • be’ – beidh
  • agaíagaibh
  • coinneó mé coinneoidh mé
  • frochuíochaífraitheacha in the standard; froigh (fro’) is the dialectal spelling
  • diún – deamhan
  • deouldiabhail > deabhal > deoul
  • ceannach de Bhaldraithe has: ‘is ceannach le: tá sé de dhánaíocht ann (rud mícheart a dhéanamh)’. However, Ó Curnáin, in The Irish of Iorras Aithneach has ‘ceannach, a. (In copula phrases)  is ~ le have strong inclination … (In explanation, ba ch~ leis é dhíona was paraphrased bhraith sé ‘he had an inclination, he thought about’. There is an implication that the action, in the past tense, was not carried out. This is not clear in FFG, and soe glosses in LFRM imply the opposite.) In the context of this story, it seems like Ó Curnáin’s is more accurate. It’s worth nothing that I asked a friend from Carraroe about this word and neither him nor his father had heard it
  • coinníúcoinníodh 

0 Comments

Leave a Reply

Avatar placeholder

Your email address will not be published. Required fields are marked *