Sorry for the delay between this post and the previous one; the past few weeks have been hectic. For this one, I return to Seán Mac Giollarnáth’s wonderful Annála Beaga ó Iorrus Aithneach. It’s the third story. I will once again transcribe it and give notes on some of the features to be found in it.

Bhí dhá bhean phósta ag athair Bhrighde. Thosuigh an bhean eile ag troid le máthair Bhrighde. Níor mhaith léithe bheith ag troid. D’imthigh sí agus d’innis sí do’n easpog é. Bhí sé le haghaidh Bhrighde an t-am sin.

“Beannóchaidh mise an páiste atá faoi do bhruinn,” adeir an t-easpog, “ó tharla díbrighthe thú agus féadfaidh tú ghul ag saothrú, agus nuair a bhéas an páiste agad féadfaidh tú í a thabhairt do bhean eile agus leath a shaothróchas tú a thabhairt do’n bhean le n-a tóigeáil.”

Chuaidh sí ag obair ag fear mór ar nós an fhir a bhí aice féin, fear mór bó agus bainne. Bhíodh Brighid ag cur caoi ar an mbainne agus ag déanamh ime. Is aice a bhí cómhairle ar an obair ar fad. Nuair a bhí an páiste aice chuir sí ar oileamhaint í agus d’fhan sí féin ag obair. Nuair a bhí an páiste bliain d’aois cailleadh páiste eile i ngar do’n bhean a raibh Brighid aice. Chuaidh an bhean go dtí an teach a raibh an páiste caillte ann agus thug sí Brighid léithe ina gabhail. Nuair a d’ísligh sí ag breathnú ar an gcorp leag Brighid a lámh ar an bpáiste a bhí caillte agus d’éirigh an páiste aríst beo. Bhí fhios acab annsin go raibh Brighid beannuighthe.

D’éirigh an mháthair go dona tar éis aimsire agus chuaidh Brighid ag obair ina háit. Níl duine bocht dá dtigeadh nach dtugadh sí cuid de’n bhainne dhó. Bhí a sheacht n-oiread bainne ina dhiaidh sin aice agus bhíodh ag an máthair. Bhí Dia dhá mhéadú di nuair a chonnaic Sé go rabih sí go maith faoi.

Nuair a tháinig an mháthair ar ais ag obair bhí cead ag Brighid gul amach ag siubhal. Casadh an fear seo di, Ladhraic Lom Luirc. Bhí cluasa capaill ar an bhfear seo. Duine ar bith a déarfadh leis é mharbhóchadh sé é. D’fiafruigh sé de Bhrighid cé’n sórt cluasa bhí air. Leag Brighid a lámh air.

“Cluasa ar nós ‘chuile dhuine,” adeir Brighid.

“Ara, maise, níl,” adeir sé, “tá cluasa capaill orm.”

“Cuir suas do lámha,” adeir Brighid

Chuir sé suas a lámha agus bhí cluasa air nós chuile dhuine.

“Tiubhraidh mise rud ar bith duit a bhéas tú a iarraidh,” adeir sé le Brighid.

“Níl mé a iarraidh ach leithead mo bhreat de thalamh le haghaidh bó,” adeir sí.

Dubhair sé go bhfuigheadh sí sin. Sgar sí amach an brat agus bhí an brat ag leathnú leis nó go bhfaca bean é agus dubhair an bhean go mbainfeadh sé amach Éire. Ní rinne an brat níos mó. Bhí currach Chill Dara faoi’n mbrat san am sin agus is ag Brighid a bhí an churrach. Brat Bhrighde a bhain amach an churrach.

Bhí áit annsin agus bhí dhá easpog ann. Thaínig Brighid isteach sa séipéal a rabih siad. Nuair a tháinig sí isteach níor fhan coinneal sa sépéal nár las.

“Tá an Mhaighdean Muire sa séipéal,” adeir easpog acab.

“Níl,” ars’ an t-easpog eile. “Sin í Brighid bheannuighthe a bheannuigh mé faoi bhruinn a máthar.”

Rinne siad bean riaghalta annsin di, agus sin í an chéad bhean riaghalta a bhí ariamh i nÉirinn.

Annála Beaga ó Iorrus Aithneach, S. Mac Giollarnáth, pg. 6-8

  • léithe – Connemara form of léi
  • ghul – Connemara (and Mayo/Donegal?) form of dul, often lenited in speech. Seen as goil and gabháil as well.
  • tigeadh – a form of tar; Connemara has many variant stems for it. teag might be the most common nowadays, at least in parts (it’s what’s found in Leabhar Mór Bhriathra na Gaeilge, at least, though that focuses on Cois Fhairrige and not Connemara Theas)
  • cluasa bhí air – It’s often that the a is elided in speech if it follows a vowel or is followed by one.
  • chuile – From gach uile, this is much more common than gach for ‘every’ in Connemara.
  • Tiubhraidh – Tiúrfaidh in modern spelling; this is the common future tense form of tabhair in Connemara.
  • Ní rinne – ní dheara in the standard, but it’s often you’ll hear ní rinne and níor rinne in Connemara; the verb has pretty much become regularized in the past tense.

0 Comments

Leave a Reply

Avatar placeholder

Your email address will not be published. Required fields are marked *