I’ve decided this week to continue with another story from Éamonn a’ Búrc, about whom more info can be found in the previous post. It’s also collected by Liam Mac Coisdealbha, who transcribes fairly dialectaly, buíochas le Dia. The link to the original story can be found here. Notes in () are left by Mac Coisdealbha, whereas notes in [] are left by me

Bhí fear bocht agus bean bhocht annseo fadó i nÉirinn agus phósadar agus ní raibh acab ach aon inghean amháin. Bhíodh a’ t-athair a’ saothrú i gcomhnuí ar a lá páigh nó gur thóg sé an inghean, agus ní maith (pron. math i gcomhnuí) a’ tóigeál a rinne sé (uirthi), mar b’í ba leisgiúla agus ba diabhluithe dhá rugadh ar a’ taltha seo ariamh. Nuiar a thigeadh a’ t-athair isteach óna lá anróiteach oibre d’iarradh sé deoch ar an inghean. Séard deireadh sí leis dul un diabhail agus é fhéin ghá fháil, go raibh sí fhéin trúm tuirseach marbh dhe bhárr na seachtaine; agus a dhá-chois go dtí n-a dhá-ghlúin thíos ins a’ teallach ó sheachtain go seachtain; nó gur cailleadh an t-athair agus an mháthair i ndiaidh an athair.

Ní raibh fhios aici ó Dhia na nGrást cé ngabhfadh sí annsin. Bhí ministiúir i bhfoisgeacht dhá mhíle dhi. Ní rabh aon fhear, bhí sé ráidhte, faoin domhan bhí ní ba grá-díúla ná é. Chuala an cailín drochmhúinte leisgiúil seo caint air agus chua sí go dtí teach a’ mhinistéara agus d’fhairthuig sí dhen mhinistéir a’ bhfágfadh sé istigh í. Duairt an ministéir go bhfágfadh, agus nuair a d’fhág ní rabh sí seachtain sa teach nuair bhí sí cho dána agus bhí sé ariamh. Deamhan blas a dhéanfadh sí dhon mhinistéir ach an oiread agus dhéanfadh sí dhom athair agus don mháthair, go dtí trathnóna casadh sagart dhób. (Bhí an sagart) a’ teacht as coláiste treasna criathrach agus a bhróga ina láimh aige agus bhí sé ag iarra aithgiorra a dhéanamh abhaile – agus sin é an fáth a dtáinic sé tríd a’ sliabh. Casadh abhainn dó agus d’éirigh sé dhe léim agus ghabh sé thar an abhainn agus é sgéacha báisdighe. Liegeadh dhá sgréach le n’ais i dtúm luachra agus bhí fhios aige nach aon nduine saolta a rinne an dá sgréach. Shiúl sé anúnn agus ghabh sé go dtí an túm agus fuair sé an dhá fheithudheach ann. D’fhairthuig sé díothab cen fáth iad bheith annsin. Dúradar leis nauir bhí siad ar a’ saol seo ná rabh acab ach aon inghean amháin agus go mbudh í ba mhí-oibhliogáidighe dhá rugadh ar an taltha ariamh agus gur b’shin é an t-údar a raibh siad fhéin ag íoc a bpioraidheachaí nuair nach ndearna an inghean an oiread maitheasa ná oibliogáid agus go gcuirfí trí bheannacht le n-a n-anam as a h-ucht.

“Cáil t’inghean?” adeir a’ sagart.

“Tá sí sa teach mór sin thall, teach a’ ministéara.”

“Gabhfa mise annsin” adeir a’ sagart, “agus cuirfe mé iallach uirthi an oiread oibliogáid a dhéanamh dhom péin agus go gcuirfe mé trí bheannacht le n-a n-anam.”

Ní dhearna an sagart ach siúl go dtí tigh an mhinistéara, ‘gus nuair a tháinic sé ann bhí an ministéir ina chodladh roimhe. Bhí bean a’ mhinistéara agus na mná searbhóntacht agus an bhean chrosta ‘n-a suí sa teach. Nuair a bhuail a’ sagart a’ dorus: “Cé tá annsin?” adeir bean a’ mhinistéara.

“Sagairt óg thréis grásta”

Rith bhean a’ mhinistéara go dtí an dorus go n-osgluíodh sí é. Duairt a’ sagart léithi gan é osgailt, ach inghean an fhir bhoicht seo a dhul gá osgailt.

“Muise, m’anam” adeir sí, “a shagairt, má bhíonn tú annsin go leigidh mise [ise?] isteacht thú beidh tú annsin go lá!”

D’fhógair a’ ministéir cé bhí annsin. Húradh leis go mba sagart óg as coláiste. D’éirigh an ministéir agus anuas leis fhéin an staighre agus ghabh sé go dtí an dorus nó go n-osgluíodh sé an dorus. Duirt a’ sagart leis gan é osgailt, go n-osgluíodh a’ bhean leisgiúil é.

“Leig isteach mé,” adeir a’ sagairt léithi.

“Ó, muise m’anam nach leigfe,” adeir sí, “nach bhfuil baol orm”

“Fan go fóill,” adeir a’ sagart, “go dtéighe mise isteach a’d,” adeir sé, “agus nuair a ghabhfas leigfe mise neart dhen mhaide ort!”

Mar sin fhéin, bhí an ministéir agus a’ sagart ag iarra as ucht dé uirthi an dorus osgailt, nó gur éirigh sí agus gur osgail sí an dorus.

Tháinic a’ sagart isteach. “Beannacht dílis Dé agus na heaglais’ le h-anam t’athair is do mháthair!”

“Ó muise, nach bhfuil gá iarradh sin ort,” adeir sí.

“Tharraing díom mo chóta mór,” duairt a’ sagart.

“Tháinig i mullach a’ diabhail!” adeir sí leis a’ sagart. “Má bhíonn tú gan an cóta mór a tharraint díot go dtarruí mise dhíot é diabhail sin go lá an tsléibhe.”

“Éirigh suas” a deir sé.

“M’anam nach n-éireód,” adeir sí, “nach bhfuil baol orm.”

“Tairneó mise dhíot é” adeir a’ ministéir, “agus éist léithe.”

“Ní thairneó tú,” adeir a’ sagart. “Caithfe sí fhéin a tharraing díom.”

“M’anam nach dtairneód,” adeir sí.

Rug a’ sagart ar a mhaide agus thug sé cúig nó sé bhuaillí dhen mhaiden dhi. “mbainfe tú anois díom é? adeir sé. Ach d’éirigh sí agus tharrainn sí dhe é. Nuair a tharrainn “beannacht dílis dé agus na hEaglaise le h-anam t’athair is do mháthar,” adeir a’ sagart.

“Go mullach a’ diabhail!” adeir sí. “Níl mé gá iarra sin ort.”

“Seo,” adeir sé. “bain díom mo bhróga,” adeir sé.

“M’anam nach mbainfe, a shagairt,” adeir sí.

Duairt a’ ministéir go mbainfeadh sé fhéin de iad ags duairt a’ sagart nach mbainfeadh, go caithfeadh sí fhéin a mbaint de. Ach le páidreacha agus le láighidheacht bhain sí na bróga dhen tsagart.

“Beannacht dílis dé le h-anam t’athair is do mháthar!” adeir a’ sagart.

“Téirigh a mhuise,” adeir sí, “i lár-mhullach a’ diabhail! Níl muid gá iarradh sin ort, mar ní h-é an t-ádh chas isteach chugainn thú ach a’ diabhal.”

Thosuig an suipéar dhá réiteacht dhon sagart, agus a’ ministéir a’ déana an-mhór de. Bhí an béilidh dhá réiteach, agus connaic a’ sagart cut mór du sa gclúid agus a’ cut i gcomhnuí a’ breathú ar a’ sagart, nó go raibh an béilidh ré leagthaí ar a’ mbord. Siud an sagart agus a’ ministéir isteachag a’ mbord agus ní rabh ann ach go rabh siad ina suí ag a’ mbord nuair d’éirigh an cut dhe léim agus ghabh sé fhéin ag ceann a’ bhord go dtéigeadh sé fhéin ag ithe ‘shuipéir. Ghearr a’ sagart bogha tímpeall ar a’ mbeatha agus diabhal blas d’íosfad an cut den bheatha annsin.

“A muise, by dad,” adeir a’ ministéir, adeir sé, “tá múisiam mór orm. Tá rud eicínteacht ar mo chuitín,” adeir sé, “nach bhfuil sé ag ithe aon bhlas anocht.”

Adeir a’ sagart, adeir sé: “Nímuide atá gá choinneál uaidh,” ‘ braith ar chuid dhen bhiadh agus gá theanna leis an gcut. Agus d’éirigh an cut dhe léim agus ghabh sé síos ar a’ teallach. Agus d’ith a’ sagart agus a’ ministéir a suipéar.

Nuair bhí ‘ suipéar ithte acab: “Tá mé an -ghearánach faoi mo chut,” adeir a’ ministéir, “mar ní rabih íseal ná uasal dhá dtáinic un a’ tigha seo ariamh nach mbíodh mo phisín coinneál leothab é fhéin.”

“Muise cé an t-achar a’ cat sin agat?” adeir a’ sagart.

“Tá sé rith le mo shean-sean-athracha agus mé fhéin an t-ochtú h-athair a bhfuil an cat aige, agus sin é an cion atá agam air,” adeir sé.

“Muise by dad,” adeir a’ sagart, “tá sé tamall maith a’ rith lib.”

Ní dhearna an sagart ach lámh a chur ina phóca agus an stil a thabhairt as agus a chuir faoi n-a mhuinneál, agus d’fhiarthuig sé dhen chut céard a bhí sé a dhéana annseo.

“Nach cuma dhuit,” adeir a’ cat, adeir sé. “Is iomdha rud a d’fheicefeá go mba chóir dhuit a sgaoileadh thart.”

“Ní sgaolfidh mé tusa tharam,” adeir a’ sagart, adeir sé.

“B’fhéidir go mb’fhearr dhuit a sgaoleadh,” adeir a’ cat.

Ach d’éirigh an cailín drochmhúinte leisgiúil agus rith sí go dtí an sagart le faitíos roimh a’ gcut, agus gach a’ raibh sa teach idir ministéir agus bean a’ ministéara agus a clann. Agus duairt a’ sagart leothab am a thabhairt dó go fóilleach. Tharrainn sé leabhar as a phóca agus bhí sé léigheadh nó go rabh soisgéal léighte aige, agus d’fharthuigh sé “‘ dhiabhail,” leis a’ gcat, “céárd a thug tusa annseo?”

“Thug,” adier a’ cat, adeir sé, “tá na seacht n-athaireachaí tháinic roimh a’ ministéir,” adeir sé, “bhí ar leic na coróine ar slabhraí i n-ifrinn, agus tá mé a’ fanacht go mbéidh an ministéir, ant-ochtú athair á’m.”

“Ní bhéidh mise a’d,” adeir a’ ministéir.

“Béir” adeir a’ cut, adeir sé.

Thosigh an sagart a’ léigheadh nó gur chaith sé cho maith le leath na h-oiché a’ léigheadh agus allus dhá triomú dhe le naipcíní póca; agus insa deire chuir sé ina spannc theine an cut thré mhullach a’ tighe.

“Anois,” adeir a’ sagart, adeir sé, leis an ministéir, “bhfeiceann tú an áit a bhfuil t’athair thíos ar fíor-leic na coróine ar slabhra ag a’ diabhal.”

“Níl,” adeir a’ ministéir, “m’athair-sa ann.”

“Tá,” adeir a’ sagart. “Nár chuala tú an cut gá rádh? An maith leat t’athair fheiceál?” adeir a’ sagart

“Ba mhaith,” adeir a’ ministéir, “dhá mbeadh an t-é ann i n-ánn a theasbáint dom.”

“Túira mise aníos thríd an urlár chugat é,” adeir a’ sagart.

“Ní thiúra,” adeir a’ ministéir, “mar nach bhfuil tú i n-ánn.”

Ghabh an sagart a’ léigheadh nó go raibh soisgéal léighte aige. “A dhiabhail,” adeir sé, “cáil tú?” Ní bhfuair sé aon áird. Ghabh an sagart a’ léigheadh arís nó go raibh soisgéal eile léighte aige. “A dhiabhail,” adeir sé, “cáil tú?” An tríú uair bhí sé léigheadh agus: “cáil tú anois, a dhiabhail?” adeir sé

“Tá mé annseo,” a deir a’ diabhail, ‘cur a cheann aníos thríd an urlár agus dhá adharc air.

“Cé raibh tú, a dhiabhail, suair ghlaoidh mise an chéad uair ort?”

“Bhí mé i bhfíor-leic na coróine i n-ifreann a’ sgaoileadh na sclabhraí,” adeir a’ diabhal.

“Cé raibh tú an ara uair a ghloadh mé ort?”

“Bhí mé leath-bheala aníos, agus a’ triú blaodh tá mé annseo.”

“Anois,” adeir a’ sagart, adeir sé, nach é sin t’athair?”

“Sé” adeir a’ ministéir, adeir sé, “ach as ucht dé cuir san áit é a dtáinic sé as.”

“Ní chuirfeadh,” adeir a ‘ sagart, “cuir thú fhéin as é.”

“Is math a’ rud dom-sa é thabhairt annsin,” adeir sé, “agus tú féin gá chur as.”

“Níl mé i n-ann,” adeir a’ ministéir.

Ní dhearna an sagart ach dó nó trí fhocal cainte nuair a dhíbir sé an diabhal. Chuir sé go h-ifreann ar ais arís é.

D’iompuig an ministéir agus a chomhluadar ina Chaitleacach (ina gCaitliochachaí) agus ní rabh aon bhean faoin domhan ba graoidiúla ná b’fheárr ná an bhean chrosta ina dhiaidh sin.

  • páigh – pá is the Munster form of the word; it’s better reflected in Connemara as ‘páí’, though Ulster would use it as their ‘-igh’ ending, so actually ‘páigh’ would be the better spelling over all. Same with ‘truaigh’ instead of ‘trua’. Mícheál Ó Siadhail has an article about this: Standard Irish Orthography: An Assessment (Ó Siadhail 1981) which can be found in The Crane Bag, on JSTOR
  • maith (pron. math i gcomhnuí) – Just listen to it here
  • tóigeál – tóg is said with a slender /g/ in Connemara
  • dhá rugadh – of all that were born; very common for ‘dá’ (dhá in Connemara) to be used here in traditional, high quality speech.
  • ariamh – ‘riamh’ in the standard
  • taltha – ‘talamh’. In Connemara, word final mh/bh is often lost if it’s more than one syllable, thus this will be said ‘tala’. It’s written that way too in Jimmí Chearra Chois Fhairrge. Same thing with déana instead of déanamh; Gaille instead of Gaillimh, etc.
  • thigead – thiocfadh; see the previous post for information about the different stems of tar-. As mentioned there, teag- is very common nowadays. IIA also has some useful information on it
  • ghá fháil – dhá fháil = á fháil in the standard.
  • ní raibh fhios – the lenition on fhios and lack of the ‘a’ reflects how it’s said in native speech everywhere, to my knowledge. Only learners and non-natives say the ‘ní raibh a fhios’ in full; it’s actually been cliticized and is often written ‘ní raibh’s’
  • cé ngabhfadh – ‘Cé’ is often used in place of ‘cá’ to mean ‘where’.
  • gabhfadh – Remember, ‘gabh’ has replaced ‘rach’ as the stem for the future and conditional of ‘téigh’
  • Chua – ‘cuaigh’ in the standard. Usually, verbs end in a schwa in Connemara in the past tense (and future tense, but that’s a different thing). This was one of the edits done in the book that frustrated me the most.
  • rabh – raibh in the standard, often pronounced like ‘rabh’, similar to further north.
  • cho – Common variant of ‘comh’ in Connemara. ‘chó’, ‘có’ and other variants are all to be heard as well.
  • casadh sagat dhób — Connemara uses ‘cas’ for ‘meet’ as opposed to ‘buail’.
  • iarra – ‘iarraidh’, often said ‘iarra’ and spelt ‘iarradh’.
  • a dtáinic – ‘a tháinig’ in the standard. Word-final consonants are often devoiced, and here it shows that it’s irregular, taking the present tense indirect relative, even in the past (thus the eclipse)
  • túm – ‘tom’ in the standard.
  • aon nduine – Used instead of ‘aon duine’
  • anúnn – ‘anonn’ in the standard
  • ná rabh – ‘nach raibh’
  • gur b’shin – This is often heard as ‘gob in’ nowadays. It’s very common to treat ‘sin’ and ‘seo’ as getting lenited with the copula, especially past tense (.i. they’ve been reinterpreted as ‘s eo’, ‘s in’, etc.
  • cáil – This is how ‘cá bhfuil’ is said in Connemara
  • t’inghean – When ‘do’ (your) comes before a vowel, in any living dialect, it’s reduced to t’, not d’ which is a modern spelling convention and not how it’s said
  • gabhfa – ‘Gabhfaidh’. It’s often that the future tense ending is reduced to a schwa in Connemara, especially before pronouns.
  • dhom péin – ‘féin’ often becomes ‘péin’ after m, in every dialect, as fara s I’m aware (maybe not Donegal)
  • bheith i do shuí/ina suí, etc. – Often used instead of ‘i do dhúiseacht’ for ‘awake’ in Connemara. “Tá mé i mo shuí!” – I’m awake!
  • thréis – One of the many variants of ‘tar éis’ in Connemara (and Ireland in general). I prefer to use ‘théis’ myself.
  • má bhíonn – You can’t use the future tense after ‘má’ when it means ‘if’
  • húradh – This was already previusly mentioned, but is the Connemara form of ‘dúradh’.
  • go mba – Conditional ócopula with ‘go’ is ‘go mba’ in Connemara.
  • tarraint – ‘Tarraingt’ in the standard. ‘Tarrainn’ is the root form of the verb in Connemara.
  • nach n-éireód – This is an ‘echo form’, and in Connemara synthetic forms are/were used here with some frequency, though this is going out of the modern dialect.
  • mbainfe – In native speech the ‘an’ is often left out before questions.
  • Téirigh – You’ll hear ‘téire’ a lot as the imperative instead of ‘téigh’ in Connemara.
  • déana – As mentioned, often the final mh/bh of multisyllable words is dropped.
  • breathú – ‘breathnú’ is often said as ‘breathú’
  • cut – ‘cat’ in the old spelling, where all unstressed vowels were written as ‘u’ instead of ‘a’ (thus Irrus Aithenach)
  • beatha – Often said instead of ‘bia’ in Connemara
  • eicínteacht – This is the root of éigean, eicínt (which is heard in Connemara) and inteacht in Donegal. They all come from the same root.
  • athracha – Variant genitive plural of ‘athair’ commonly heard in Connemara (when the genitive is used, at least).
  • athaireachaí – All -acha plurals end with -achaí in Connemara.
  • Ní bhéidh – This makes me think they’re making sure to mark it’s said with /e:/, which isn’t how it’s normally said in Connemara.
  • béir – Again, this is an echor form.
  • tiúra – Connemara form of ‘tabharfaidh’. Better spelt as “tiúrfaidh” with modern spelling conventions
  • thríd – ‘trí’ is often ‘thrí’ and lenited in all its forms in Connemara.
  • cé raibh – In Connemara, ‘cé’ is used instead of ‘cá’ for ‘where’, except for the case of ‘cáil’ = ‘cá bhfuil’
  • bloadh – Bloadh/Bloaigh was heard in Connemara instead of ‘glaoch/gloaigh’. Sadly, to the best of my knowledge, this has fallen out of use except for some older people in Ceantar na nOileán.


0 Comments

Leave a Reply

Avatar placeholder

Your email address will not be published. Required fields are marked *