A shorter story today from Éamonn, which is what allowed me to do another one this week. I’m trying to be more consistent about transcribing pages, so hopefully I’ll be able to get these out more frequently. I’m also thinking of translating my notes to Irish, but I want to keep the story and notes accessible as well, even for those who don’t speak Irish but might want to use the notes to get dialectal information.
As usual, today’s story comes from Éamonn a’ Búrc, and can be found on Dúchais’s website here
Ní ru fear a’ bith le fáil bu bhreácha ná é agus sin é an t-údar a tugtaí an ghabhainn rua air. Bu dreatháir go Ghráinne Ní Mháille é. Bhí Gráinne Ní Mháille chó spóirtúil as agus gur cheap sí nach ru sé beó ar a’ taltha aon fhear ní b’bhfeárr ná é, go dtí é rá le n-a fear héin – nach ru sé leath héin in’ fhear chó math leis. Dúirt a’ fear léithe gan dícéille bheith urthe, go ru, agus in fhear faoi dhó níos feárr ná é. Agus dúirt sise nach ru ná aon fhear dhá ru ar a chine. “Tiúrha mise le rá dhuit,” adeir sé, “an chéad uair eile a thiocas sé, go bhfuil mé níos feárr ná é.” Nuair a tháinic, d’itheadar a ndínnéar agus thréis an dínnéar ithe dúirt sé leis a’ nGabhainn Rua go ru sé héin masluíthe agá n-a dhreithiúr, ‘diana amach nach ru aon fhear sa doun, creidim, ní b’fheárr ná an dreitheár. “Tá mé siúráilte dhe,” adeir a’ Gabhainn Rua, “nach bhfuil.” Ní dheárna chaon fhear acab ach breith ar a ráipéir héin agus a dhul amach. Ar aghaidh na cáirte, agus ní ru siad leath-uair ánn nuair a bhain an cliamhan an cloigeann gon Ghabhainn Rua. Rug sé ar mhullach cínn ar a gcloigeann – ina chiotóig – agus a ráipéirsa láimh deas, agus shiúil sé isteach go dtí an mháistireás – dreithúr an Ghabhainn Rua. “Seo,” adeir sé, “cloigeann an Ghabhainn Rua, dhuit, agus caoin do dhóthain as a chíonn.”
Bhí beirt stócach an-bhreá aici – bhí siad ins na déaga faoin ám seo. Bhí siad amuich a’ diana spruí dhób héin sa gcáirdín i n-aice an an chuisleáin. Ní dheárna sí ach dhul amach agus ghluíoch orthab, go ndeaca siad siar sa bpárlús, san áit a ru sí. Rug sí ar a ráipéir agus bhain sé an dá chloigeann díothab. Agus rud sí ar ‘chaon chloigeann acab i igcréim mullach gruaige agus shiúil sí anuas go dtí n-a fear. “Seo anois,” adeir sí, “caoin anois,” adeir sí, “do dhóthain as cíonn cloigeann do bheirt mhac is caoinfe mise cloigeann mo dhreitheár héin – an Ghabhainn Rua.
Beannacht Dé le h-anam na marú. Búrcach a bhí sa bhfear a bhí ag Gráinne Ní Mháille.
- ru – raibh
- a’ bith – ar bith
- bu – ba
- breácha – breátha
- dreatháir – deartháir
- go – both de and do are pronounced this way
- chó – chomh
- taltha – talamh; often polysyllabic words ending with -(e)amh are reduced to a schwa
- héin – féin is pretty much always said this way; often written fhéin
- léithe – léi
- dhá – dá is often pronounced this way in most cases (sometimes gá)
- tiúrha – tabhairfidh; the root for tabhair is often tiúr- in the conditional and future. Likewise, the future tense ends in a schwa sound, as signaled by the <a> here
- dhuit – duit as said in the dialect
- a thiocas sé – a thiocfaidh sé; this is known as the future relative clause form of the verb, and is still productive in Connacht and Donegal
- tháinic – tháinig; often, word-final /g/ is devoiced (whence Gaeilic from Gaeilig)
- d’itheadar – d’ith siad; the third person past tense synthetic form of the verb -(e)adar is still productive in Connemara; it’s even been reinterpreted as its own pronoun (as in tádar, for instance)
- thréis – tar éis; also théis
- leis a’ nGabhainn Rua – leis an; often, in fast native speech the /n/ of <an> is elided before consonants
- agá n-a – ag a; this is called ‘infixed or linking … -án-‘, which traditionally followed the prepositons ag, as, chuig, roimh(e), go dtí before possessive pronouns. Ó Curnáin says it’s obsolescent, but a friend of mine in Carraroe says he still hears it, so it might be extant there
- diana – déanamh
- doun – domhain
- acab – acu
- ins na – sna
- dhób – dóibh; often, in Connemara, pronomial forms ending with <bh> often end with /b/
- go ndeaca – go ndeacaigh; the -aigh ending is often a schwa in the past tense in this dialect
- díothab – díobh
- caoinfe – caoinfidh; in Connemara, the future tense usually ends in a schwa
- marú – marbh
0 Comments