Once again, we turn to Éamonn a’ Búrc to give us this week’s dose of Connemara Irish. This story is from the Main Manuscript Collection and can be found on Dúchas here. All notes in the text itself are from Mac Coisdealbha; these include notes in parentheses and some things that were left out as well. Mac Coisdealbha uses circumflexes to represent what I would assume are nasal vowels, though I can’t be entirely certain.

Bhí fear agus bean bhocht inseo fadó agus bhí siad i mbothán dóib héin póstaí; cúládar beag lag acab. Agus bhíoch an fear amuich ag obair i gcónuí sa ngarraí, agus bu dhé an cheird a bhíoch ag a’ mbean a’ sníomhachán le túirne. Lá breá bhí sí ‘sníomh (sníû) agus tháinic bean strainséara ag a’ doras agus tháinic sí isteach.

“Muise,” adeir sí, “a’ dtiúrthá iasacht pota dhom,” adeir sí, “go ceánn cupla uair?”

Níor aithni bean a’ tighe í, níor mhath leithe í eiteach, mar ní ru sí go math faoi’n eiteach.

“Muise go dimhin,” adeir sí, “tiúrad, agus go tuige nach dtiúrainn.”

“Go ru math a’d,” adeir an bhean ‘tháinic isteach, “agus fad saoil – tá  mé buíoch dhíot ,” gul go dtí an pota agus  gá árdú léithe. 

Tuiairim’s chupla uair a bhí an bhean amuich nuair a tháinic sí ar ais leis a’ bpota. Agus nuair a tháinic sí ar ais leis a’ bpota bhí maol ar a’ bpota le feóil, nach bhfaca aoin fhear aríú aoin fheóil ní bu bhreácha ná ní bu deise ná ní bu mílse  ná í. Bhí go math agus ní ru go h-olc. Ghlac an bhean buíochas léithe agus gho sí amach, agus gho bean a’ tighe amach i n-a dia’ féachaint cé ngohat sí. Agus nuair a gho bean a’ tighe amach bhreathna sí ar achaon taobh dhi agus ní ru aon afarc aici le fáil uirthe. Bhí fhios aici insin go mbu dh éard a bhí ínnti bean sidhe. 

Nuair a tháinic an fear abhaile trathnóna  chonnaic sé an fheóil agus d’fhiathra sé gá bhean — “cé bhfuair tú an fheóil bhreá seo?” adeir sé.

“Is cuma dhuit,” adeir sí, “ó Dhia na nGrást cé bhfuíghe mise na rudaí seo,” adeir sí, “ach cath thusa é,” adeir sí, “agus ith do dhóthain de, agus ná bacach sé dhuit,” adeir sí, “cé bhfuair mise í. Agus ní theastuíonn an iomarca tuairisg uait chor a’ bith.”

“Budh cheart duit é innseacht dom, muis,” adeir sé

“Muise go dimhin,” adeir sí, “ní innseód, ach ith agus ól do dhóthain di.”


Bhí go math.  Chua sé amach lárnamháireach, agus a’ t-ám céanna ar maidin lárnamháireach tháinic an bhean sidhe isteach ag iarra iasacht a’ phota urthe. 

“Tiúra mé sin duit,” adeir sí, “ agus míle fáilte, agus tuige nach dtiúrainn?”

“Go ru math a’d,” adeir an bhean sidhe.

Agus siúd amach í agus a’ pota aici, agus nuair a bhí, gho bean a’ tighe amach ’n-a dia’ féáchaint cé detiúrat sí ‘agaidh, agus nuair a gho ní ru sí le fáil aici i bhfus ná tháll, ná le feiceáil. Agus bhí sí dearfa (dearbhtha)  insin go mbu bean sidhe a bhí ins a’ mbean a bhí ag iarra an phota. 

Bhí go math. Nuair a tháinic an fear isteach trathnúna chonnaic sé an fheóil. 

“Tá feóil anocht a’d.” 

“Tá muis,” adeir bean a’ tighe. 

“Muise,” adeir sé, “innis dom cá’l tú ‘fáil na feóla.”

“Nach cuma dhuit ó Dhia,” adeir sí, “cál mise ‘fáil na feóla, ach ith thusa do dhóthain di agus ná bac leithe.”

“Muise, diabhal a mbeidh sásta dhíom,” adeir sé, “go n-ínnsí tú dhom,” adeir sé, “cá’l tú gá fáil.”

“Ní bhfuíghe tú aon sgéal air, muis,” adeir bean a’ tighe. “Tá tú réidh leis.”

D’imi sé lárnamháireach, an tríú lá, agus nuair a d’imi, ins an ám céanna sa lá tháinic an bhean sidhe ag iarra iasacht pota. Agus dúirt bean a’ tighe léithe go dtiúrach aus míle fáilte. Gho sí amach ’n—a dia’ agus nuair a bhreath(n)a sí ’n-a dia’ ar achaon taobh ní ru sí le fáil aici. Agus nuair nach ru, gho sí a’ sníomh (sníû) nú go ru na chupla uar thuas, agus nuair a bhí na chupla uair thuas tháinic an bhean sidhe isteach, agus a’ pota a’ chur thar maol le feól aici. 

“Go ru math a’d,” adeir a’ bhean sidhe, adeir sí, “tá mé níos mó ná buíoch dhíot.”

“Muise go dimhin,” adeir bean a’ tighe, “níl aon cháll duit leis: oibliogáid bheag í.”

“Ó ní h-eadh,” adeir sí, “— oibliogáid mhór dhomsa í.”

Nuair a gho an bhean sidhe amach gho bean a’ tighe amach ’n-a dia’ agus ní ru sí le feiceáil i bhfus ná tháll aici.  Ach níl aon lá ‘feadh coicíse nach ndianat sí é sin agus bhí an fear a’ breath ar a dhul a’ marú na mrá nó go n-ínnsíot sí dhó cé uaidh a ru sí a’ fáil na feóla agus bhí an bhean gá dhéana i gcônaí air. Ach lá faoi dheire insin — “Muise, m’anam-sa ón diabhal,” adeir an fear, adeir sé, “mara bhfana mise istigh amáireach, agus mara gcatha tusa a dhul amach i m’áit ag obair, agus mara gcatha tú mo bhríste chur ort agus mo chuid sean-bháscótaí agus mo shean-hata,” adeir sé, “agus a dhul amach sa ngarraí ag obair. Agus cathfa tusa do shean-chóta dearg agus do chóta bán agus do naipcín a thóirt dom-sa, agus do naipcín chuirfeas mé ar mo cheánn agus fanfa mé istigh a’ sníomhachán in t’áit.”

B’éigean gon bhean bhocht a dhiana. Ar maidin lárnamháireach [b’éigean di] a dhul amach sa ngarraí ag obair, agus a cuid sean-chótaí a chatha dhi agus a cuid naipcíní. Agus fáiseann an fear dhá shean-chóta air agus cuireann sé naipcín faoi n-a chloigeann. Beireann sé ar shean-naipcín eile agus casann sé siar faoi n-a lár é, agus beireann sé ar shean-naipcín eile agus buaileann sé anuas ar a mhullach é. Suas leis go dtí an túirne agus thosa sé a’ sníomhachán, agus ar ndú níor mhath é a’ sníomh (sníû). ‘Sé chuma a ru sé a’ mille na holann agus a’ mille an tsnátha.  Bhí go math. Nuair a bhí sé ins an ám ceart ag a’ mbean sidhe le theacht un a’ tighe ag iarra an phota, d’airi sé a’ teacht í agus tháinic sí ag beál a’ doruis a’ breath(n)ú isteach. Nuair a chonnaic sí é, ar ndú, mo éan géár! D’aitin an bhean sidhe go math é.

“Féach an tsúil,” adeir sí, “ féach an béal, féach an fhiasóg fhada bhréan. Féach an stropa atá as a thúin, agus féach an tuinnse fada fuar – bá-ú!” adeir sí, agus d’imigh sí. 

  • tháinic – tháinig; word-final /g/ is often devoiced (whence also ‘Gaeilic’ from ‘Gaeilig’)
  • inseoanseo
  • dóib – dóibh; pronomial forms in <bh> often end in [b’] in the dialect (sib, for instance)
  • héin – féin as said; often written fhéin 
  • póstaí – pósta; verbal adjectives often end in [i:]
  • acab – acu
  • cúládar – comhluadar
  • bhíoc – bhíodh – the <dh> of the conditional and past habitual (and others) is pronounced as /x/
  • bu dhéIn Connemara, before é/í/iad, ba has an off-glide (noticed in the older spelling of it as badh)
  • an cheird – This is an example of the common change in Connemara where the dative replaced the nominative
  • ag a’ mbean – In fast, native speech the /n/ of <an> is elided before consonants
  • a’ sníomhachan – In fast, native speech the /g/ of <ag> is elided before consonants
  • dtiúrthá thabharfá; the root for this verb is often tiúr- in the future tense and conditional mood in the dialect
  • aithniaithnigh; in the past tense, the verb ends in a schwa in this dialect
  • math – how maith is said 
  • tiúrad – tabharfaidh mé; this is what’s known as an ‘echo form’ in the dialect, which still uses the old synthetic endings common in Munster
  • gul – gabhail, used in place of dul
  • aríú – ariamh
  • bhreácha – bhreátha
  • gho –gabh 
  • i n-a dia’  ina diaidh’ 
  • cé – is often used instead of in the dialect ( can be heard in cáil > cá bhfuil though)
  • ngohat – In the conditional and past habitual the /x/ ending of the verb is realized as [t’] before sé/sí/siad
  • bhreathna – bhreathnaigh
  • afarc – amharc
  • d’fhiathra – d’fhiafraigh
  • gá – is often said gá/dhá in the dialect 
  • chua –chuaigh
  • lárnamháireach lá arna mhárach; the mháireach is because it’s slender in the dialect (as is amáireach)
  • iarra – iarraidh
  • tiúra – tabharfaidh- verbs in the future tense also end in a schwa in Connemara
  • i bhfus – abhus
  • trathnúna – trathnóna; /o:/ often changes to /u:/ in the dialect around /n/ and /m/
  • cá’l – cá bhfuil
  • ins an > ins an > ins ‘a > sa
  • dtiúrach – this is the conditional; the <(e)adh> of it is sounded as a [x] except before sé/sí/siad
  • nú – in this dialect; c.f. trathnúna 
  • ndianat – ndéanfadh; déan is pronounced as if it was díon/dian in the dialect
  • amáireach – amárach is said with a /r’/ in the dialect
  • mo chuid sean-bháscótaí – cuid is used before plural nouns and mass nouns in the dialect, assuming they aren’t inalienable (and that is changing in modern speech)
  • tóirt – tabhairt 
  • cuirfeas – this is the future tense relative clause form of the verb; still productive in the dialect (and in further north)
  • t’áit – d’áit; when the possessive do is shortened before a vowel, it’s always pronounced with a <t> (whether broad or slender is determiend by the following vowel)
  • diana – déanamh
  • ar ndú – ar ndóigh
  • un – chun 
  • fiasóg – féasóg

0 Comments

Leave a Reply

Avatar placeholder

Your email address will not be published. Required fields are marked *